Véronique Béliveau

aisteoir agus amhránaí Ceanadach

Aisteoir, amhránaí agus láithreoir ó Québec is ea Véronique Béliveau (rugadh 14 Eanáir 1955).

Infotaula de personaVéronique Béliveau
Beathaisnéis
Breith24 Eanáir 1955
69 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 –
SeánraBailéad
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilRCA Records
A&M Records Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0126846 Facebook: beliveau.veronique Musicbrainz: 2d076d88-3d36-49dc-820c-2233584b6927 Discogs: 929095 Allmusic: mn0001618881 Cuir in eagar ar Wikidata

Thaifead sí a céad cheirnín in aois a sé bliana déag faoin ainm Véronique agus chuaigh ar camchuairt den chéad uair in aois a hocht mbliana déag. Sna 1970í rinne sí staidéar ar an amhránaíocht, thaibhrigh ar an teilifís mar amhránaí agus i roinnt scannán agus chuir ceirníní amach. Ar cheann acu sin bhí “Aimer” (1980), a céad amhrán mór-ratha, le cloisteáil. An bhliain chéanna ceapadh í mar ghuth Radio-Québec, rud a chuir lena hiomrá. Tháinig éileamh ar a cuid amhrán ar feadh na n-ochtóidí agus thaibhrigh sí sa Fhrainc. I 1985 bhí sí páirteach i dtionscadal dar theideal “Les yeux de la faim” (Súile an Ghorta) ar son an Fondation Québec-Afrique.

D’eisigh sí roinnt ceirníní i mBéarla freisin agus bhí ar an mbeagán amhránaithe de chuid Québec a raibh cáil orthu i gCeanada an Bhéarla sna 1980í.

D’éirigh sí as an amhránaíocht i 1990 agus chuaigh ag obair mar láithreoir raidió. Chuaigh sí ar scor i 2000.

  • 1977 : Prends-moi comme je suis (Prends-moi comme je suis, Qu'est-ce que tu m'chante de bon ?, J'savais pas, Il me reste...)
  • 1980 : Véronique Béliveau (Relaxe-toi, Aimer, Je vis beaucoup mieux...)
  • 1983 : Transit (Je suis fidèle, C'est un rêveur, That boy, Please (Dis-moi c'que tu as), Transit...)
  • 1984 : Transit (Réédition avec la chanson "Le rock")
  • 1985 : Cover girl Cache ton cœur (Cover girl (Cache ton cœur), Je suis comme je suis, Camouflage, Toujours l'amour, On camera...)
  • 1987 : Borderline (Make a move on me, I can't help it, Love you like a fire...)
  • 1989 : Véronique (House of love, I'm gonna make you love me...)
  • 1997 : La vie en bleu (albam a rinneadh le hamhránaithe eile, ag rá amhrán ón gceolchoiméide "La vie en bleu", a bhí bunaithe ar bheatha Pablo Picasso) (Amhráin Véronique : Les amants séparés, Vive les années folles, Tout ça n'existe pas, L'affrontement, Je vous aime toutes les deux)

D’eisigh sí roinnt mhaith dioscaí singile freisin.

  • 1976: Parlez-moi d'amour
  • 1979: King Solomon's Treasure: Neva

Le cloisteáil

cuir in eagar
  • Je suis fidèle (beo), 1983: [2]