Lár Uladh (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

toghcheantar i dTeach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Lár Uladh. Cruthaíodh sa bhliain 1950 é. Toghadh Francie Molloy (SF) don chéad uair in 2013 agus toghadh Cathal M allaghan (SF) san Olltoghchán 2024.[1].

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLár Uladh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 43′ 19″ N, 6° 56′ 28″ O / 54.722°N,6.941°W / 54.722; -6.941
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán105,200 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús77.9 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,350.375 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú23 Feabhra 1950

Ar bhruach thiar Loch nEathach, tá pobal mór tuaithe sa toghcheantar chomh maith leis na bailte Oileán an Ghuail, Machaire Fíolta agus An Chorr Chríochach.[2]

Francie" Molloy 2013

Bhain Martin McGuinness an suíochán in 1997 agus bhí sé ag Sinn Féin, gan dua ,ó shin. Tháinig Francie Molloy SF i gcomharbacht ar McGuinness in 2013 agus bhí móramh 9,500 vóta aige in 2019 –  46% den vóta, i gcomparáid le 25% an DUP a bhí sa dara háit.

I dtoghchán an tionóil in 2022, bhí SF go mór chun tosaigh ar gach dream eile agus 53% den vóta agus triúr Teachtaí Tionóil acu i gcomparáid le 16.5% agus Teachta amháin ag an DUP agus 10% agus Teachta amháin ag an SDLP.[2]

D'éirigh an seanfhondúir Shinn Féin Francie Molloy as. In 2024, bhí an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Cathal Mallaghan, rogha na coitiantachta chun an suíochán a bhaint. Bhí seachtar eile san iomaíocht , Denise Johnston an SDLP, Padraic Farrell Páirtí na Comhghuaillíochta, an Teachta Tionóil Keith Buchanan ón DUP, Jay Basra an UUP, Glenn Moore TUV, Alexandra Halliday Aontú agus John Kelly, neamhspleách.

Fearacht Thír Eoghain Thiar agus Feabhal tá móramh mór anseo ag éileamh go gcuirfí tús leis an obair chun bóthar an A5 a fheabhsú agus breis is leath héad marbh i dtimpistí ar an tslí chontúirteach idir Achadh na Cloiche agus Doire ó fógraíodh an plean forbartha i dtosach.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (23 Meitheamh 2024). "An taobh thiar den Bhanna ‘glas’, dúshlán roimh Shinn Féin i nDoire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.