Is é uathmheaisín bainc[1] an t-ainm oifigiúil ar na scipéid seirbhíse a chuirtear os comhair banc is i gcuid mhaith áiteanna eile chun gur féidir airgead a aistarraingt is seirbhísí bainc eile a fháil de lá is d'oíche. Is é ATM (ón ghiorrúchán Béarla) an gnáth-théarma i measc phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann.[2][3] Bíonn sé ceangailte le ríomhaire an bhainc chun gur féidir leis an gcustaiméar a chuntas a mhonatóiriú go díreach lena chárta is a uimhir aitheantais phearsanta (PIN).[4]

Uathmheaisín bainc
  1. “uathmheaisín bainc” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-08.
  2. Maitiú Ó Coimín (2016-08-25). "Níl sé ‘ar chumas’ Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar a gcuid ATM". Dáta rochtana: 2024-07-08.
  3. Maitiú Ó Coimín (2017-08-29). "Níl sé ‘viable’ rogha Ghaeilge a chur ar ATManna Bhanc na hÉireann". Dáta rochtana: 2024-07-08.
  4. Hussey, Matt (2011). "Uathmheaisín bainc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.