Uí Dhonnchadha na nGleann

sloinne

Taoisigh ó oidhre de chlann Eoghanacht na Mumhan is ea Uí Dhonnchadha na nGleann Uí Dhonnchú na nGleannta, Flatha Ghleann na Fleisce, Mhumhain.

Armas Uí Dhonnchadha

Sa bhliain 1944, tugadh dá dtaoisigh aitheantas an stáit mar Cheann na Fine ag Edward MacLysaght, chéad Phríomh-Aralt na hÉireann, as ucht a nginealach infhíoraithe.

Luathstair

cuir in eagar

Bhí na hEoghanachta i gceannas sa Mhumhain le 500 bliain go dtí deireadh na céad mílaoise. Dar le sean-nós, is ea Eoghan Mór mac Ailealla Aulom mhic Mhogh Nuad, a mhair a deirtear sa dara haois. Thar na blianta, roinneadh na hEoghanacht ina géaga éagsúla. Maireann Uí Dhonnchadha na nGleann fós agus taoiseach aitheanta acu.

Dar le sean-nós, bhí beirt mhac Amhlaoibh Mhóir Uí Dhonnchadha (bás 1158), Cathal agus Conchúr, ina sinsear Uí Dhonnchadha (idir Mhóir agus na nGleann faoi seach), cé go bhfuil fianaise AND ann a mholann go bhfuil ginealaigh éagsúla ann.[1] Cenél Laegarie d'Eoghanacht Raithlinn ba ea mhuintir Amhlaoibh Mhóir, a raibh críocha ó dhúchas acu in iarthair Chorcaí. I ndiaidh Bhriain Bóramha, lonnaigh siad i ríocht Eoghanacht Locha Léin, ag díbirt chlanna Uí Mhuircheartaigh agus Uí Chearbhaill.

12ú haois

cuir in eagar

Bhí an-chuid cogaidh cathartha ann le linn saol Amhlaoibh Mhóir, agus clann Uí Bhriain as Tuamhain ag iarraidh an lámh in uachtar bhaint amach (fair dheireadh go neamhrathúil) ar an Mumhain go léir. Bhí Uí Bhriain ag brú ar na hEoghanachta ó thuaidh agus ó thoir, á ndíbirt siar ó dheas i gCiarraí isteach.[2]lch. 45 Is léir go raibh ann ina measc Uí Dhonnchadha Chaisil,[3] faoi bhrú féin ag a ngaoil Mhic Cárthaigh.

Is féidir a rá gurbh é ar cheann desna taoisigh cogaidh is cumhachtaí dá linn féin é Amhlaoibh Mór, agus níorbh ionadh é dá ndeachaigh clann weakened Eoghanacht leis. Críochnaíodh ardeaglais Achadh Deo le radharc ar Locha Chill Airne díreach roimh a bhás sa bhliain 1158.[4] Maraíodh Amhlaoibh an bhliain chéanna ag Muircheartach mac Toirdhealbhaigh Ó Briain i bPort Láirge ar bhruach na Siúire,[4] go fada thoir de críocha Mhic Cárthaigh. Tugann seo le fios cé chomh fada a ndeachaigh sé chun fhlaitheas ríthe na Deasmhumhan a chosaint.

Sna blianta dár gcionn, feictear roinnt mic Amhlaoibh Mhóir sna annála:[5]

  • Aed, maraithe 1161
  • Muirchertach, maraithe 1163
  • Murchad, déag dá chneácha, 1169
  • Cathal (sinsear Mhóir) maraithe 1170
  • Conchobar (sinsear na nGleann) maraithe 1178 ('la Donhnall, lá derbrathaire fein' scríofa ag lámh níos déanaí) 1178
  • Domnall, maraithe 1178.

13ú–16ú haoiseanna

cuir in eagar

Feictear ansin i nginealach na nGleann ná Aoch na Meidhe[6] (bás 1231), agus ansin Séafra an Tí Móire (bás 1253)[7] ina chónaí i nGleann Ó Ruachta ar leithinis Thuath Ó Siosta.[2] Seo an chéad sna fheictear an t-ainm seo sa chlann, ach as sin le hocht gcéad bliain go dtí an lá inniu.

De réir to Burke, tháinig an teideal sin chéad uair ar an bhfód sa 14ú haois le Geofraidh Ó Donnchadha na nGleann.[8]

Sa 16ú haois, bhí ann i dtalaimh na nGleann ná An Cladach agus cuid de paróiste Chill Átha.[9] Bhí a lárionad ag Caisleán Chill Átha, le radharc ar ghleann na Fleisce.

17ú–20ú haoiseanna

cuir in eagar

Sa bhliain 1603, i ndiaidh Éirithe Amach Dheasmhumhan, eisreachtaíodh taoiseach Uí Dhonnchadha dá bharr, ach d'éirigh leis a theideal agus a críocha a fháil ar ais sa bhliain 1609. Níor éirigh as an gceannairc áfach, agus i mí Feabhra 1642, ghlac Tadhg Ó Donnchadha agus a thriúr mac, Geofraidh, Tadhg agus Daniel páirtí i léigear Chaisleán Trá Lí.[10]lch. 9 Sa bhliain 1643, d'éirigh Geofraidh Duine ina thaoiseach. Bhí clú aige an ucht na bhfleánna flaithiúla ar Chaisleán Chill Átha, ach stopadh sin tar éis Cromwell.

Sa bhliain 1652, scriosadh an caisleán agus chúlaigh suas sna Gleannta isteach. Bhí tailte i nGleann Fleisce bronnta ar phlandálaithe Sasanacha, agus tréigeadh go gairid ina dhiaidh.

Tugadh ar Ghleann Fleisce i mbéil na ndaoine an t-ainm 'Robbers Glen',[11] agus ar an gclann 'Dangerous O'Donoghues'. San 18ú haois, port an Rightboy Movement ba ea an Gleann.

Thóg an chlann Teach Chill Átha gar den chaisleán. I lár na 19ú haoise, phós Daniel Ó Donnchú, TP as Trá Lí, le Marie Sophie Ennis, aon-iníon agus banoidhre Sir John Ennis. Tar éis bhás a hathar, bhog an chlann chuig a háit dúchais ag Buaile na hAbhann gar d'Áth Luain. Rinneadh teach sagairt de Theach Chill Átha sa bhliain 1887 agus i seilbh príobháideach anois é. Is Séadchomhartha Náisiúnta anois fothrach an chaisleáin faoi Oifig na nOibreacha Poiblí.

Is é Geoffrey Paul Vincent Ceann reatha na Fine. Tá cónaí air i dTulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Is ball de Bhuanchomhairle Thaoisigh Éireann é agus an-suim aige i stair na hÉireann. Tá seachtar sa chlann aige, agus is e a mac, Geoffrey, a thánaiste.

Uí Dhonnchadha na nGleann

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Barrington, T.J., Discovering Kerry, The Blackwater Press, 1976
  • Butler, William F.T., Gleanings from Irish History, Longmans, Green & Co., 1925
  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán, 2001.
  • [T. M. Charles-Edwards|Charles-Edwards, Thomas M.]], Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
  • Curley, Walter J.P., Vanishing Kingdoms: The Irish Chiefs and their Families. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 2004.
  • Minahane, John, The Poems of Geoffrey O'Donoghue, Aubane Historical Society, 2008
  • O'Donoghue, Rod, O'Donoghue People and Places, Ballinakella Press, 1999
  1. url= http://www.odonoghue.co.uk/guests/projects/ydna_results.php Curtha i gcartlann 2016-05-06 ar an Wayback Machine, YDNA Results, The O'Donoghue Society
  2. 2.0 2.1 Barrington, T.J., Discovering Kerry
  3. O'Donoghue (1), O'Hart Pedigrees
  4. 4.0 4.1 Leabhar Mhic Cárthaigh
  5. Annála Inis Faithlinn
  6. na manach?
  7. O'Donoghue, Rod, O'Donoghue People and Places, lch. 120
  8. Burke, Sir Bernard, Landed Gentry, Part II
  9. Butler, William F. T., Gleanings from Irish History, lch. 27
  10. Minahane, John, The Poems of Geoffrey O'Donoghue.
  11. Petty's Survey, 1659
  12. O'Donoghue, Rod, O'Donoghue People and Places, lch. 121
  13. Geoffrey O'Donoghue