Muintir Ghaelach ba ea Uí Bhairrche (níos sine Uí Bairrche) a bhíodh tailte acu timpeall Cheatharlaigh i ndeisceart na Laigean ársa. Fothairt ba ea dream eile as deisceart Laighean gaolmhar le hUí Bhairrche.

Bhí an ceantar úd faoi cheannas Uí Chinnsealaigh san 8ú haois. Agus iad ag síneadh, scaradh Uí Bhairrche. Choinnigh ar dream amháin i ngleann na Bearú, ach cuireadh an ruaig ar dream eile i dtreo chósta Loch Garman.

Láithreacha clann éagsúil, c. 1100.[1]

Tá ainm an dreama caomhnaithe i mbarúntacht Uí Bhairrche.

Más fíor iad na ginealaigh mheánaoiseacha (mar shampla Rawlinson B 502, ff. 121-2[2]) tá Uí Bairrche síolraithe ó Dháire Barrach mac Cathrach Mhóir, agus mar thoradh is de shliocht na Laigean iad. Chreid T. F. O'Rahilly, ámh, gur de shliocht na nÉarann agus a sinsir, Dáire (*Dārios), iad ar dtús, agus ionadaí stairiúla na mBrigantes, lonnaithe i gContae Loch Garman sa Geografaíocht le Tolamaes.

I measc mainistreacha na Laighean faoi cheannas Uí Bairrche, bhí Cill Uasaille, Sléibhte , Cill Uisean, Banbha Mór, Cill Molapóg agus Teach Moshagard.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia". Nua Eabhrac: Routledge. 
  2. Ó Corráin, "Creating the Past", lch. 181.


Teimpléad:Laigin