An t-ainmhí feoiliteach tíre is mó riamh ar Domhan, dineasár a bhí i mbarr a réime sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin. Timpeall 12 m ar fhad, blaosc ollmhór air, le gialla doimhne is fiacla cosúil le miodóga. A eireaball matánach trom. Mionghéaga tosaigh air, gan ach dhá mhéar orthu araon. Ghluaiseadh sé go mall, 4 km u-1 ar a mhéid. Meastar gur chartóir é seachas sealgaire gníomhach.[1] B'fhéidir go raibh cóta cleití aige ar chuid dá chorp ar a laghad. Bhí cónaí air i Meiriceá Thuaidh agus mhair sé ann le dineasar eile ar nós Trícheireatóp agus Ankylosaurus. Bhí na hainmhithe seo creiche don tyrannosaurus, go háirithe an Trícheireatóp.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTyrannosaurus rex Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FíleamChordata
AicmeReptilia
OrdSaurischia
FineTyrannosauridae
TreibhTyrannosaurini
GéineasTyrannosaurus
SpeiceasTyrannosaurus rex Cuir in eagar ar Wikidata
Osborn, 1905
Cineál tacsanomaíochCM 9380 Cuir in eagar ar Wikidata
Méid
Creatlach tyrannosaurus in iarsmalann
  1. Hussey, Matt (2011). "Tyrannosaurus rex". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 684.