Tuama Pasáiste Shuí Finn

Is tuama pasáiste folamh agus Séadchomhartha Náisiúnta é Tuama Pasáiste Shuí Finn atá suite ar bharr Chnoc Shuí Finn, Contae Chill Mhantáin, Éire.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Tuama Pasáiste Shuí Finn
Íomhá
Sonraí
CineálTuama pasáiste Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Coimín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 11′ 11″ N, 6° 23′ 41″ O / 53.1862669°N,6.3948089°W / 53.1862669; -6.3948089
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir317

Tá Tuama Pasáiste Shuí Finn suite ar bharr Chnoc Shuí Finn i Sléibhte Chill Mhantáin, díreach ó dheas de Champa Airm Chill Bhríde. Tá cairn ar bharr na sléibhte in aice láimhe ag Sliabh Shuí Fhionnagáin agus An Suíochán.[2]

Tógadh an tuama timpeall 3300 R.Ch., le linn na ré neoilití. Rinne RA Stewart Macalister é a thochailt i 1931, ach ní bhfuarthas aon déantáin ná iarsmaí daonna, rud a thugann le tuiscint nár cuireadh aon duine ann riamh, nó gur baineadh na hiarsmaí níos déanaí.[3]

Is carn é an tuama, 24 m (79 tr) ar trastomhas agus 3 m (9.8 tr) ard. Tá colbhaí móra timpeall bun an tuama agus tá pasáiste 7 m (23 tr) ar fhad ag an tuama, a osclaíonn isteach i seomra ina bhfuil cúig urrann. Tá roinnt maisiúchán snoite i gcruth muileata, línte snoite agus grianchloch.[3]

Gailearaí

cuir in eagar