Fisiceoir Síneach-Mheiriceánach a saolaíodh i Shang-hai ab ea Tsung-Dao Lee (Sínis 李政道:; pinyin: Lǐ Zhèngdào; 24 Samhain, 1926 - 4 Lúnasa, 2024). Tá cáil air as a shaothar ar shárú paireachta, an teoirim Lee-Yang, fisic na gcáithníní, fisic ian trom choibhneasta, solatóin neamhthoipeolaíocha , agus réaltaí solatón. Bhí sé ina ollamh ollscoile emeritus in Ollscoil Columbia i gCathair Nua-Eabhrac, áit ar mhúin sé ó 1953 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2012.[1] D'fhoilsigh sé a chuid saothar leis an ainm T. D. Lee. Bhain a phríomhshaothar le bréagnú dhlí na paireachta (a thairg go bhfuil frithcháithnín comhionann áit éigin sa Chruinne do gach cáithnín fo-adamhach, ach le cruth íomhá scáthánaí) sa bhfórsa núicléach lag.

Infotaula de personaTsung-Dao Lee

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh) 李政道 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Samhain 1926
Shang-hai (Poblacht na Síne)
Bás4 Lúnasa 2024
97 bliana d'aois
San Francisco, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Zhejiang
Ollscoil Tsinghua
Ollscoil Phéicing
Ollscoil Chicago
National Southwestern Associated University (en) Aistrigh
Ollscoil Nankai Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaEnrico Fermi
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic cháithníní, fisic agus an fhisic theoiriciúil
Suíomh oibre Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfisiceoir, múinteoir ollscoile, fisiceoir teoiriciúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Columbia
Ollscoil California, Berkeley
Ollscoil Zhejiang Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an tSínis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaNorman Christ, Richard M. Friedberg agus Gerald Feinberg
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJeannette Hui-Chun Chin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteStephen Lee, James Lee Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTsing Kong Lee
SiblínRobert C. T. Lee
Gradam a fuarthas
Síniú

Sa bhliain 1957, agus é 30 bliain d'aois, bhuaigh Lee Duais Nobel na Fisice, i gcomhpháirt le Chen-Ning Yang. Ceann de na daoine ab' óige a bhfuair Duais Nobel riamh.[2]

Saol pearsanta agus bás

cuir in eagar

Phós Lee agus Jeannette Hui-Sun Chin sa bhliain 1950 agus bhí beirt mhac acu: James Lee (Sínis 李中清; pinyin: Lǐ Zhōngqīng)) agus Stephen Lee (Sínis 李中汉:; pinyin: Lǐ Zhōnghàn). Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1996.

Fuair Tsung-Da Lee bás i San Francisco ar an 4 Lúnasa, 2024, agus é 97 bliain d'aois.[3][4]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Home | Columbia News Curtha i gcartlann Aibreán 30, 2012, ar an Wayback Machine
  2. Hussey, Matt (2011). "Tsung Dao Lee". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 403.
  3. "物理学家李政道逝世,享年98岁".
  4. "Nobel Prize-winning physicist Tsung-Dao Lee dies at age 97".