Tsai Ing-wen
Is polaiteoir Téavánach í Tsai Ing-wen (Sínis: 蔡英文) a rugadh ar 31 Lúnasa 1956 i dTaipei. Mhúin sí in Ollscoil Chengchi Náisiúnta (國立政治大學) agus in Ollscoil Soochow (東吳大學). Chuaigh sí i bPáirtí Daonlathach Forásach (民主進步黨) sa bhliain 2004. Bhí sí ina cathaoirleach ar an pháirtí ó 2008 go 2018. Is í an 14ú uachtarán ar Phoblacht na Síne (2016–) agus an chéad bhean sa phost sin. Atoghadh í ar an 11 Eanáir 2020.
2022ː Cuairt Pelosi
cuir in eagarI mí Lúnasa 2022, tháinig Nancy Pelosi, Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe chuig an Téaváin, ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le fada an lá, agus d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.[1]
I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-08-03). "Cuairt Nancy Pelosi ar an Téaváin cáinte ag an tSín" (as ga-IE).