Tráth inné is mé tnáite tréith

dán Gaeilge

Aisling thipiciúil den saghas a shamhlaítear leis an údar Eoghan Rua Ó Súilleabháin is ea Tráth inné is mé tnáite tréith.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilTráth inné is mé tnáite tréith
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge

Tá an file ag fálróid leis go dubhach nuair a bhuaileann maighdean álainn - Éire i gcolainn dhaonna - leis. Cé go gcaíonn sí riocht dearóil a clainne tá teachtaireacht dóchais aici don fhile freisin - tá na "géanna fíáine" ar tí filleadh ar ais ar Éirinn chun na Gaill a ruaigeadh.

Sa dán maíonn an spéirbhean go bhfuil "Arnold...ag fáil an lae" ar fhórsaí na Breataine i gCogadh Saoirse Mheiriceá. Ceaptar mar sin gur cumadh an aisling sa chéad leath den bhliain 1776, sula raibh a fhios ag muintir na hÉireann go raibh teipthe ar ionradh Benedict Arnold ar Cheanada. Ceithre bliana dár gcionn (sa bhliain 1780), d'iompaigh Arnold a chóta agus thaobhaigh sé le fórsaí na Breataine. Mar sin, tá an tagairt mholtach dó sa dán seo ar iarraidh i roinnt de na lámhscríbhinní.

Tús an dáin

cuir in eagar

Tráth inné is mé tnáite tréith / ar fán i gcéin gan duine im ghaire / tharla tréimhse i ndoire coille / im fhaon-luí ar neoin.

Féach freisin

cuir in eagar