Tiobraid mac Taidhg

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Tiobraid mac Taidhg (Sean-Ghaeilge Tipraite mac Taidg) (bás 786). Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (bás 723) ba ea a sheanathair, agus Aodh Balbh mac Indreachtaigh (bás 742) a uncail, iar-ríthe beirt.[1] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 782 go dtí 786.

Infotaula de personaTiobraid mac Taidhg
Beathaisnéis
Bás786
Teaghlach
Duine muintearthaIndreachtach mac Muireadhaigh (seanathair)
Aodh Balbh mac Indreachtaigh (deartháir tuismitheora) Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 783, cuireadh Cáin Naomh Pádraig as Ard Mhacha i bhfeidhm i Ráth Cruachan ag Tiobraid agus an Ard Mhacha, Dub-dá-Leithe.[2] Díríonn sí aird ar chomhaitheantas Ard Mhacha agus Uí Bhriúin ar a n-éilimh i gcúige Chonnacht.[3] Agus Ard Mhacha tofa ag Tiobraid de rogha ar Oileán Í, cuireann seo in úil go raibh fonn air beartas eaglasta a leanúint ar neamhchead ar an Ardrí, Donnchadh na Mí mac Domhnaill,.[4]

Sa bhliain 784, chloígh Tiobraide airm Uí Fhiachrach Aidhne i gCath Carn Conaill (gar den Ghort).[5] Sa bhliain dár gcionn, chloígh sé, Uí Fhiachrach Mhuaidhe i gCath Mhuaidhe.[6] Chuir na buanna seo ardcheannas Uí Bhriúin sna Connachta ar bun.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Annála Uladh
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20
  2. Annála Uladh, AU 783.9
  3. Byrne, lch. 250
  4. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 563
  5. AU 784.7
  6. AU 785.3