Thomas Jones (Státseirbhíseach)
Státseirbhíseach Briotanach agus rúnaí comh-aireachta ab ea Thomas Jones. Rugadh Thomas Jones in Rhymni (Rhymney), an Bhreatain Bheag. Bhí sé ag gabháil do mhinistreacht Mheitidisteach i gColáiste na hOllscoile, an Bhreatain Bheag i dtosach, ach bhain sé céim san eacnamaíocht amach ó Ollscoil Ghlaschú i ndiaidh sin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Meán Fómhair 1870 Rhymni, Wales |
Bás | 15 Deireadh Fómhair 1955 85 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lewis School Pengam (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oideolaí, státseirbhíseach, polaiteoir |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Páiste | Eirene White, Banbharún White, Tristan Jones |
D'oibrigh Jones ina léachtóir ar cuairt in Éirinn (1904-5) agus ina dhiaidh sin ina ollamh le heacnamaíocht pholaitiúil in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (1909-10).