I miotaseolaíocht na nGael, sinsear na nGael ba ea Donn (Prótai-Cheiltis *Dhuosnos),[1][2] a thugtar Éibhear Donn air chomh maith. Creidtear gur dhia na marbh é.[2][3][4]. Athair Dhiarmada Uí Dhuibhne ba ea é, a chur sé amach d'Aonghas Óg é mar mhac altrama.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDonn
Cineáldia de chuid na gCeilteach
dia an bháis Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
An Tarbh, amach ón gcósta iardheisceart na hÉireann, aitheanta le Tigh Doinn

Teach Doinn

cuir in eagar

Deirtear go bhfuil Donn ina luí Tigh Doinn (Teach Doinn, Sean-Ghaeilge Tech nDuinn).[5] Is amhlaidh gurbh áit é Tech Doinn ina bhailíodh anamacha na marbh sula dtéidís chuig a gceann scríbe sa Saol Eile, nó sula athionchollaíodh iad.[5]

  • Scríobhadh i ndán de chuid na 9ú haoise gurb é guí a bháis go rachadh a mhuintir "... chugam, chuig mo thigh, rachaidh sibh uile tar éis bhur mbás".[1]
  • De réir an scéil Airne Fíngein ("Faire Fhínninn") de chuid na 10ú haoise gurbh é ag Tigh Doinn a bhailíonn anamacha na marbh.[6]
  • Tá nod ann san aistriúchán den scéal Agallamh na Seanórach le hAnn Dooley agus Harry Roe gurbh ionann "dul go dtí Tigh Doinn" agus "bás d'fháil".[5] Moltar seo gur chreid na Gaeil ársa gurbh é Donn a sinsear, agus go rachaidís chuig a Thigh tar éis a mbás.[7]
  • De réir Iúil Caesar, mhaíomh na Gallaigh chomh maith gur de shliocht rí an domhain thíos ab ea iad, a shamhlaigh sé le Dīs Pater.[4]

Leabhar Gabhála na hÉireann

cuir in eagar

De réir na scríbhneoirí den Leabhar Gabhála na hÉireann, ba shliocht den Chlann Mhíle é Donn.[5] I rith ionsaí na hÉireann ag Clann Mhíle, dhún Donn a shúile ar Ériu na dTuath Dé Danann, ar cheann de na déithe eapainmneacha na hÉireann, agus bháigh' sé dá bharr i longbhriseadh amach ón gcósta iardheisceart. D'adhlaic é ar oileán carraigeach, darb ainm anois Tigh Doinn[8] [2] (féach #Tíreolaíocht thíos).

Dinnseanchas

cuir in eagar
Príomhalt: Dinnseanchas

Insítear sa Dinnseanchas Aoi an scéal seo faoi Thigh Doinn:

Sean-Ghaeilge[9] Nua-Ghaeilge
‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol[10] Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin[11] sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul.[12] 'Beirtear a chorp insan gcarraig ard thall', ar Aimhirgin: dá bharr a ghlaoitear Tigh Doinn é. ‘Tiocfaidh a mhuintir ann.’[13] Is é seo an fáth a thagann anamacha na bpeacach go Tigh Doinn sula théann go hIfreann, de réir na bpágánach, agus a thugann a mbeannacht ar anam Doinn. Ach anam fíréanta aistrígh, féachann sé an áit ó fhad i gcéin, agus ní chuirtear amú.

Togail Bruidne Dá Derga

cuir in eagar

Sa scéal úd, fuair Conaire Mór rí a bhás i mBrú Dé Dheirg. Ar a shlí ann, bhuail Conaire le tríú fear dearg ag marcaíocht ar chapaill dhearga ón saol eile. Thug na fir tairngreacht a bháis agus dúirt leis "Táimid ag marcaíocht ar chapaill Doinn […] cé go bhfuilimid beo, táimid marbh".[2] Ghlaoitear "rí na marbh" ar Dhonn sa scéal.[2] Moladh gurb ionann Dia Dearg agus a Bhrú, agus Donn agus a Thigh.[5] D'fhéadfadh é gurb ainm dia an anbháis nó íobartha atá i gceist anseo, agus dá bharr an t-ainm "dia dearg".[2]

Tochmharc Treabhlainne

cuir in eagar

Sa scéal úd, d'éalaigh an bhean bhuan Treabhlann leis an bhfear daonna Fraoch, agus sheol sé chuig Tigh Doinn í agus é ar tóraíocht. Deirtear sa scéal seo gur mhac nó mac altrama an Daghdha é Donn.[14][15] Thug Dáithí Ó hÓgáin faoi ndeara na cosúlachtaí idir an mbeirt, agus mhol sé go bhféadfadh é gur bhuafhocal Daghda é Donn ó thús.[2]

Béaloideas

cuir in eagar

Tháinig béaloideas faoi Dhonn slán go dtí an ré luath-nua-aimseartha.

I gContae Luimnigh, dúradh go gcónaíodh Donn Fírinne i gCnoc Fírinne, diaga,[16] agus go dtabhartaí daoine isteach sa chnoc tar éis a mbás.[2] Dúradh go nochtadh sé féin mar mharcach sí ar chapall bán. Bhí sé gaolta leis an aimsir: chiallaíodh toirneach agus tintreach go raibh Donn Fírinne ag marcaíocht tríd an spéir; agus, má bhí na scamaill thar an gcnoc, go raibh sé á mbailiú chun báisteach a dhéanamh. B'fhéidir é gur spreagadh an creideamh seo ag seanchas Odin agus a chapaill, Sleipnir i scéalta na lonnaitheoirí lochlannacha i Luimneach.[2] Dúradh cinn maith go nochtadh Donn Fírinne agus thugadh rabhadh don té a chuirfeadh isteach ar a chnoc.

In iarthar Contae an Chláir, bhí neach darbh ainm Donn na Duimhche nó Donn Dumhach, lena buaileadh mar "mharcach na hoíche".[2]

Níos déanaí sa bhéaloideas, d'éirigh gnáthbhrí ar an ainm 'Donn' agus 'tiarna an tsaoil eile'.[2]

Tíreolaíocht

cuir in eagar

Tá Tigh Doinn aitheanta go minic leis An Tarbh,[17] oileán beag amach ón ngob deisceart an Bhéarra. Is cosúil le cromleac é An Tarbh, óir go bhfuil tionól nádúrtha tríd a lár, ina sruthaíonn an fharraige amhail is tairseach a raibh ann.[18] Chreidtí in Éirinn ársa go dtéadh anamacha na marbh siar thar an muir le dul faoi na gréine.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  • Hy-Brasil - oileán seanscéalach thiar ó Éirinn.
  1. 1.0 1.1 1.2 Ó hÓgáin, Dáithí. The Sacred Isle: Belief and Religion in Pre-Christian Ireland. Boydell & Brewer, 1999, ll. 27, 58
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, ll. 165-166, 154
  3. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 135
  4. 4.0 4.1 Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 601, 1133
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Freitag, Barbara. Hy Brasil: The Metamorphosis of an Island. Rodopi, 2013, ll. 98-99, 101
  6. "Fingen's Night-Watch, Airne Fingen, MS. Stowe D.4.2, R.I.A, Aistr. T. P. Cross & A. C. L. Brown".
  7. Maier, Bernhard. Dictionary of Celtic Religion and Culture. Boydell & Brewer, 1997, lch. 97
  8. "The Irish version of the Historia Britonum of Nennius (lch. 223)".
  9. The Metrical Dindshenchas ar CELT, dán/scéal 113
  10. 6 ol ar eDIL
  11. maighin ar eDIL
  12. fordul ar eDIL
  13. Féach laighean Lir. ar teanglann.ie FGB; áit
  14. Reinhard, John. The Survival of Geis in Mediaeval Romance. M Niemeyer, 1933, lch. 26
  15. Zeidler, J. Ancient and Medieval Celtic Myths of Origin, ll. 10-11
  16. Cnoc Fírinne ar logainm.ie
  17. An Tarbh ar logainm.ie
  18. Ó hÓgáin, Dáithí. The Lore of Ireland. Boydell Press, 2006, lch. 179