Teampall Ráth Teas

eaglais i gContae Chiarraí
(Athsheolta ó Teampall Ráth Theas)

Séadchomhartha Náisiúnta (57[1]) is ea Teampall Ráth Teas, eaglais na meánaoise le cloch Oghaim inti, suite i dTrá Lí, Éire.[2][3]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teampall Ráth Teas
Íomhá
Sonraí
CineálFothrach eaglaise Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaAiltireacht Rómhánúil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 16′ N, 9° 41′ O / 52.27°N,9.68°W / 52.27; -9.68
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann


Tá an eaglais suite i reilig ar tSráid Quill, sna fo-bhailte oirthreacha Thrá Lí,[4] ag 52° 16′ 01″ N, 9° 40′ 55″ O / 52.267007°N,9.681814°W / 52.267007; -9.681814

Creidtear gur tógadh ráth (Ráth Mhaighe Theas) ar an suíomh ar dtús,[5], sular tógadh an eaglais a bhí ina lárionad deoise Chiarraí ó 1111 go 1117, nuair a bogadh an ardeaglais chuig Ard Fhearta.[6] Is leis an tógáil seo an bhinn thiar agus cuid de bhallaí na meánlainne; tógadh an chuid eile den eaglais níos deireanaí.[7]

I bhfad níos sine is ea an chloch Oghaim. De réir fianaise na gramadaí, creidtear go dtéann sí siar go dtí AD 550–600.[8]

Is eaglais Rómhánúil atá inti. Tógadh í sa 10ú haois AD, le tomhas 16 m ar airde, 7.5 m ar leithead, agus achar 120 m2, as cloch gainimh, aolchloch agus moirtéal.[9]

Cloch Oghaim

cuir in eagar

Is cloch gainimh chorcra í an chloch, le tomhas 145 × 34 × 20 cm. D'aimsíodh í sa bhliain 1975 in rith glanta; cuireadh í isteach i dtaobh lusca tuama den 19ú haois.[10] Léitear an inscríbhinn:

[A]NM SILLANN MAQ VATTILLOGG
(in) ainm Síoláin mhic Fáithleoga[11]
 
An chloch Oghaim