I miotaseolaíocht na gCeilteach, dia na toirní is ea Taranis (Prótai-Cheiltis: * Toranos, níos luaite * Tonaros; Laidin: Taranus), a d'adhrtaí go príomha sa Ghaill, leithinis na hIbéire, an Bhreatain agus Éire, ach freisin i nDúiche na Réine agus i gceantar na Danóibe, i measc eile. Rinne an file Rómhánach, Lucan trácht ar Taranis, i dteannta le hEsus agus Toutatis, ina dhán Pharsalia mar dhia na gCeilteach dá ndearnadh íobairtí daonna.[1] Bhí nasc idir Taranis, maraon le Cioclóp Brontes ("toirneach") i miotaseolaíocht na Gréige, leis an roth.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarTaranis

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ComhionannIúpatar agus Túr Cuir in eagar ar Wikidata
Coire Gundestrup, déanta idir between 200 RC agus AD 300, meastar go bhfuil thought to have a depiction of Taranis léirithe lastigh den choire ar tíl C

Feictear sa Ghaill an-chuid léirithe de dhia féasógach agus caor thintrí i láimh amháin aige agus roth sa láimh eile. Is amhlaidh gur nascadh le chéile é le Iúpatar na Rómhánach.[2]

  1. Marcus Annaeus Lucanus. Pharsalia, Book I Curtha i gcartlann 2006-05-02 ar an Wayback Machine
  2. Paul-Marie Duval. 2002. Les Dieux de la Gaule. Páras, Éditions Payot.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar