Is ea steiréitíopa (nó buanchruthclaoníomha) nuair a labhraíonn (nó a smaoiníonn) duine faoi ghrúpa sóisialta mar a bheadh gach duine sa ghrúpa mar an gcéanna[1].

31 Nollaig 1903ː steiréitíopa na nÉireannach 
Scannán Disney Darby O’Gill
  • steiréitíopa inscne: m.sh. “tá na mná maith ag déanamh obair tí”
  • steiréitíopa na nÉireannach mar mheisceoirí: m.sh. “tá na hÉireannaigh tugtha don ól”
  • steiréitíopaí cine: m.sh. “tá na daoine gorma maith ag damhsa”
  • steiréitíopáil daoine óga: m.sh. “tá déagóirí as a meabhair ag drugaí”
  • Cearbhall Ó Dálaigh agus Darby O’Gill
  • An gaucho (buachaillí bó na machairí móra féir i Meiriceá Theas.)
  • Steiréitíopa an zombaí mar is minice a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis
  • An carachtar Fu Manchu ar steiréitíopa an ollchoirpigh i scéalta eachtránaíochta

Conspóid sa bhliain 2024

cuir in eagar

Foilsíodh leagan nua in 2023 den téacsleabhar OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte), a bhíonn á úsáid ag daltaí i mbliain 1-3. Dúradh go raibh an leabhar maslach agus frith-Éireannach.[2]

Bhí steiréitíopaí sa leabhar. Cuireadh ‘Family A’ i láthair mar dhream a bhfuil suim acu sa cheol traidisiúnta agus i gCLG agus atá cúngaigeanta agus doicheallach roimh dhaoine a bhfuil creideamh eile acu. Ach cuireadh ‘Family B’ i láthair mar chlann nua-aimseartha atá leathanaigeanta a bhfuil suim acu sa taisteal agus a bheith ag blaiseadh de rudaí nua éagsúla.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. An Feiniulacht Chultúir,  St Mary's, Béal Feirste.
  2. 2.0 2.1 "Mír chonspóideach ‘frith-Éireannach’ i leabhar scoile le fágáil ar lár sa leagan Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-05). Dáta rochtana: 2024-09-08.