Sráid Fhearchair

sráid i mBaile Átha Cliath

Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Fhearchair,[1] a shíneann ó dheas ó Fhaiche Stiabhna ar feadh thart ar leathchiliméadar. Dea-shampla d’ailtireacht Sheoirseach is ea Sráid Fhearchair.

Bosca Sonraí SráidSráid Fhearchair

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsráid Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 20′ 07″ N, 6° 15′ 48″ O / 53.33541°N,6.26332°W / 53.33541; -6.26332
2012
Ostán Russel Court Hotel

Ainmníodh an tsráid i ndiaidh Simon Harcourt, 1ú Iarla Harcourt. Bhí sé ina chéad tiarna leifteanant na hÉireann ó 1772 go 1776.[2]

Tógadh stáisiún traenach sa bhliain 1859. Dúnadh an stáisiún i 1958.

Roimhe seo bhí an Municipal Gallery of Modern Art suite ar Shráid Fhearchair.

 
6 Sráid Fhearchair

6 Sráid Fhearchair

cuir in eagar

Tá Uimhir a 6 Sráid Fhearchair fite fuaite i mór-ghluaiseachtaí cultúir agus polaitíochta na tíre le breis 'is dhá chéad bliain. Mac an fheisire parlaiminte John Blackwood, Hans a thóg an teach sa bhliain 1786 agus b'eisean an chéad duine sa teach a raibh tionchar aige ar stair na tíre nuair a chaith sé vóta ar son Acht an Aontais.[3]

Ba san fhoirgneamh a bhunaigh John Henry Newman Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Bhí ceannáras ag Sinn Féin san fhoirgneamh agus ba anseo a bhunaigh siad banc dá gcuid fhéin. Bhí Micheál Ó Coileáin an-ghníomhach san fhoirgneamh agus ba anseo a rinneadh an cinneadh Dáil Éireann a bhunú i 1919.

Mar chomhartha buíochais as an bhaint a bhí aige le gluaiseacht na hathbheochana agus na saoirse, bhronn an Stát Uimhir a 6 ar Chonradh na Gaeilge i 1965. In 2024, dúnadh ceannáras Chonradh ar feadh 3 bliana. In 2020 fuair Conradh cead pleanála chun mór-fhorbairt a dhéanamh ar an cheannáras. Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió i measc na n-áiseanna nua a bheidh ar fáil san ionad nua, sa bhliain 2027.

Áirítear ar na daoine a raibh baint acu le Sráid Fhearchair ná:

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Harcourt Street
  2. "1776 – Harcourt Street, Dublin | Architecture @ Archiseek.com". web.archive.org (2024-09-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-03. Dáta rochtana: 2024-09-03.
  3. Nuacht RTÉ (2024-09-03). "CnaG ag ullmhú le bogadh amach as uimhir 6 Shráid Fhearchair" (as ga-IE).