Slí Ó Cualann

cosán siúlóireachta i gContae Chill Mhantáin

Is cosán siúlóireachta é Slí Ó Cualann (Béarla: Sugarloaf Way) atá suite i gCill Mhantáin. Síneann sé idir taobh na farraige i mBré agus Slí Cualann Nua i nDioghais.

Ní hionann é agus Slí Cualann Nua (Slí Chill Mhantáin).

Tá tús Shlí Cualann ag Gairdín Cuimhneacháin 1916 Chill Mocheanóg in aice le sráidbhaile Chill Mocheanóg agus lúbann agus casann sí trí bhóithríní tuaithe agus glasbhealaí feadh bhunchnoic Ó Chualann (501 meádar).

San am atá caite, ba é sin an bóthar cóiste ó Chill Mocheanóg go dtí an Tóchar. Tugann muintir na háite "Car Road" (nó Bóthar na gCarranna) ar an stráice seo den chonair, atá comhthreomhar a bheag nó a mhór leis an R755.

Tá radhairc iontacha le feiceáil ar Ghiolaspar, Bré agus Carraig Ghamhna de réir mar a thagann ard sa chonair. Agus duine ag taisteal ar bhóithríní beaga cúnga a bhfuil seanbhallaí cloiche lena dtaobh, tá casadh ó dheas sa chonair agus gabhann sí in airde trí fhéarach sléibhe áit a bhfuil radharc ar Dhioghais, Cúirt an Phaoraigh, Páirc na bhFianna agus Málainn.

Tar éis tamaill, tagann an chonair le chéile le cosán a mbaintear an-úsáid as ó charrchlós Ó Cualann go dtí mullach an tsléibhe, agus tagann deireadh le Slí Cualann sa charrchlós.

Féach freisin

cuir in eagar