Sinéad Diver

cianreathaí Astrálach

Lúthchleasaí Éireannach í Sinéad Diver, a rugadh ar an 17 Feabhra 1977 i mBéal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo. Is ar son na hAstráile a bhí sí san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha agus ina cónaí san Astráil ó chuaigh sí ar imirce in 2002.[1]

Infotaula de personaSinéad Diver

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Feabhra 1977
47 bliana d'aois
Béal an Mhuirthead, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtmaratón Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
4 Deireadh Fómhair 20202020 London Marathon (en) Aistrigh
2 Lúnasa 2020athletics at the 2020 Summer Olympics – women's marathon (en) Aistrigh (10) Cuir in eagar ar Wikidata

World Athletics: 14490253 Cuir in eagar ar Wikidata

Níor thosaigh ag glacadh páirte i rásaí go dtí 2011 ach tá dul chun cinn iontach déanta aici ó shin.[1]

Ghlac sí páirt ar son na hAstráile i gcraobh lúthchleasaíochta an domhain i mBéising in 2015 agus i Londain in 2017 chomh maith.

Chríochnaigh sí sa seachtú háit i Maratón Londan mí Aibreáin 2019.

Chríochnaigh sí sa 14ú áit sa rás 10,000m i gCraobh Lúthchleasaíochta an Domhain i Doha mí Mheán Fómhair 20i9.

Sa bhliain 2019, chríochnaigh Diver Maratón Nua-Eabhrac in am 2:26:23. Bhí áit bainte amach aici ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo de bharr an ghaisce sin.[1]

Tá ceangail láidir ag Diver le Gaeltacht Thír Chonaill. Is as an mBun Beag i nGaoth Dobhair dá hathair, Eddie.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Pádraic Ó Ciardha (4 Samhain 2019). "Bean Ghaeltachta sa chúigiú háit i Maratón Nua-Eabhrac" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-13.