Sharon Horgan
Is aisteoir, scríbhneoir agus léiritheoir í Sharon Horgan a rugadh ar an 13 Iúil 1970. Is fearr aithne uirthi as na sraitheanna grinn Pulling (2006-09) agus Catastrophe (2015–inniu). Is í an príomhaisteoir agus comhscríbhneoir sa chlár sin. Chruthaigh sí an tsraith coiméide HBO Divorce chomh maith (2016–inniu).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Iúil 1970 53 bliana d'aois London Borough of Hackney, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ban-aisteoir, léiritheoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 2001 – |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Siblín | Shane Horgan |
Duine muinteartha | Leighton Aspell (col seisir) |
Bhuaigh Horgan an British Comedy Award for Best TV Actress 2008 le haghaidh Pulling, agus bhuaigh eipeasóid dheireanach na sraithe sin an British Comedy Award for Best Comedy Drama. Ainmníodh í le haghaidh BAFTA TV Award seacht uair.
Bhuaigh sí an BAFTA TV Award for Best Comedy Writer 2016 le haghaidh Catastrophe (le Rob Delaney), agus ainmníodh í le haghaidh an Primetime Emmy Award for Outstanding Writing for a Comedy Series 2016.
Tá páirt ag Horgan sna scannáin Valiant (2005), Imagine Me & You (2005), Man Up (2015), agus Game Night (2018).
Saol a hÓige
cuir in eagarRugadh Horgan i Hackney, Londain, Sasana. Is as Éire í a máthair, Ursula (née Campbell), ó Chontae Chill dara, agus is as An Trian Láir in aice leis na bailte Cill Cheallaigh, Coillte Mach agus Béal Átha na Muice i gContae Mhaigh Eo í a tuismitheoirí ó dhúchas. Is as Nua-Shéalainn é a hathair, John Horgan,[1] agus bhí teach tábhairne ar siúl aige. Nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois, bhog an teaghlach go dtí Baile an Bheileogaigh, Contae na Mí in Éirinn, áit a raibh feirm turcaí acu.[2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Sophie Wilson (2008-03-23). "Sharon Horgan: late starter" (en-GB). Dáta rochtana: 2018-08-13.
- ↑ Elizabeth Day (2015-02-01). "Sharon Horgan: comedian with a keen eye and a sharp tongue | Elizabeth Day" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-08-13.
- ↑ "Sharon Horgan: ‘These days female comedy sells, and people want to watch it’" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-08-13.