Is éard is gramafón ann, nó seinnteoir ceirníncaschlár, ná gaireas chun fuaim a atáirgeadh ó dhiosca, ar taifeadadh an fhuaim i bhfoirm claiseanna bíseacha, gearrtha ar dhromchla comhréidh an diosca.[2] Castar an diosca ar chaschlár chun na claiseanna a cheistiú de réir a chéile le stíleas glacaire.

HMV Senior Monarch Gramophone / Phonograph agus Spear Tip Oak Horn, timpeall 1910 [1]
seinnteoir ceirníní le caschlár, timpeall na 1970idí

Ait go leor, tugtar 'phonograph' fós ar 'gramafón' i mBéarla na Stát Aontaithe. Ach deirtear san Eoraip go bhfuil an sean-fhónagraf greanta ar shorcóirí.[2]

Thaispeáin an t-aireagóir Meiriceánach Emile Berliner (1851-1929) an gaireas seo den chéad uair sa bhliain 1887. De réir a chéile, tháinig sé in ionad an fhónagraif (le fuaim taifeadta ar shorcóirí céarach).[2] Bhí na dioscaí i bhfad níos éasca le déanamh is le taifeadadh orthu ná na sorcóirí, agus d'fhéadfaidís i bhfad níos mó a thaifeadadh orthu.[3]

Déantar tonnchruthanna chreathanna na fuaime a thaifeadadh mar athruithe beaga fisiciúla comhfhreagracha in iomaire bíse atá greanta, eitseáilte, gearrtha nó brúite isteach i ndromchla sorcóra nó diosca atá ag timpeallú, ar a dtugtar ceirnín.[2]

Chun an fhuaim a athchruthú, déantar an dromchla a chasadh ar bhealach comhfhreagrach arís fad a leanann stíleas an t-iomaire nó an chlais. Cuireann na cnapáin agus na loganna sin creathanna tríd an stíleas agus déanann sé seo athchruthú ar an bhfuaim a taifeadadh, ach go han-íseal ar fad.

Nuair a cumadh na dioscaí i gcéaduair dhéanadh an stíleas scannán a chreathadh, rud a chruthaigh tonnta fuaime a cheanglaíodh leis an aer trí adharc méadúcháin a rinne bolgadh amach, nó cheanglaítí an fhuaim go díreach le cluasa an éisteora trí chluasáin a bhí cosúil le steiteascóp.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "HMV SENIOR MONARCH HMV Gramophone / Phonograph with Original Spear Tip Oak Horn EUR 60,36 - PicClick FR". web.archive.org (2024-09-07). Dáta rochtana: 2024-09-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Russ Hawkins (2024-07-23). "Phonograph vs Gramophone: Difference Explained" (en-US). Turntable trends. Dáta rochtana: 2024-09-07.
  3. Hussey, Matt (2011). "Gramafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.