Seanad Éireann (1922-1936)

Mhair an chéad Seanad Éireann ó 1922 (nuair a tháinig Bunreacht Shaorstát Éireann i bhfeidhm) go 1936 (tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm le linn 1936/1937).

Bosca Sonraí EagraíochtaSeanad Éireann
Sonraí
Cineálseanad Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh6 Nollaig 1922
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte29 Nollaig 1937 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Codanna
Cuid deOireachtas Shaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
séala an tSaorstáit
An Seanad inniu

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 2022, bhí ról tábhachtach ag an Seanad chun glór agus deis cainte a thabhairt don mhionlach aontachtach i gcúrsaí polaitíochta. Bhí na haontachtóirí sa Deisceart ag iarraidh go mbeadh de chumhacht ag an teach uachtarach moill bliana a chur ar bhillí ón nDáil agus bhí naoi mí mar chomhréiteach ag deireadh.[1] Tháinig Seanad Shaorstát Éireann le chéile den chéad uair ar an 11 Nollaig 1922. Bhí an gá le deireadh a chur leis na gníomhartha foréigin sa tír ar cheann de na chéad díospóireachtaí a bhí aige.[2]

 
Seán Lemass ː“ba chóir go gcuirfeadh ionadaithe an phobail deireadh le bábhún seo an impiriúlachais ", 1928 sa Dáil

I measc na gComhaltaí den Seanad bhí iar-aontachtaithe agus daoine a raibh teidil oidhreachtúla na Breataine orthu. Dhóigh fórsaí sa Chogadh Cathartha, a bhí in éadan an Chonartha, cuid mhór dá dtithe.[3] Fiú tar éis an Chogaidh Chathartha, bhíothas idir dhá chomhairle faoi cibé acu an raibh nó nach raibh gá le teach Uachtarach. Dúirt an Teachta Seán Lemass sa Dáil sa bhliain 1928,

“ba chóir go gcuirfeadh ionadaithe an phobail deireadh le bábhún seo an impiriúlachais an chéad seans a gheobhaidh siad.”

Ní dheachaigh cúrsaí caidrimh chun feabhais sa bhliain 1932 nuair a chuir an Seanad i gcoinne reachtaíochta chun deireadh a chur leis an mionn a bhí le tabhairt ag Comhaltaí den Oireachtas.

Tionóladh an suí deireanach den Chéad Seanad ar an 19 Bealtaine 1936 agus cuireadh deireadh leis go luath ina dhiaidh sin.[4]

Eagraíocht

cuir in eagar
 
Chuir de Valera deireadh le Seanad an tSaorstáit sa bhliain 1936

Foráladh leis an mBunreacht gur cheart go mbeadh sa Seanad saoránaigh a raibh onóir déanta acu don náisiún mar gheall ar sheirbhís phoiblí úsáideach, nó, de bhrí cáilíocht nó bua speisialta a bheith acu, a raibh tréithe tábhachtacha de shaol an náisiúin léirithe acu.[2]

Mar atá inniu, bhí 60 ball ag Seanad an tSaorstáit: ag an dtús cheap uachtarán na hArd-Chomhairle, W.T. Cosgrave, leath acu agus thogh an Dáil an leath eile; baineadh triail as modhanna éagsúla ina dhiaidh sin. Bhí olltoghchán fiú, don Seanad amháin, ar 17ú Meán Fómhair 1925, cé nár vótáil ach 23.4 faoin gcéad de na toghthóirí.[1]

Mar sin, fiú nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sa bhliain 1932, ní raibh ach dosaen ball den pháirtí sa Seanad. Bhí an teach uachtarach fós faoi smacht ag Cumann na nGaedheal agus a gcuid cairde agus gan drogall ar bith orthu moill a chur ar bhillí a tháinig ó lucht leanúna de Valera sa Dáil.

Níorbh aon ionadh mar sin gur chuir de Valera deireadh le Seanad an tSaorstáit nuair a vótáil tromlach ann in aghaidh bille chun cosc a chur ar na Léinte Gorma, a bhí gníomhach ag an am. Ach nuair a leagadh Bunreacht na hÉireann os comhair na ndaoine sa bhliain 1937 bhí Seanad ann, ach gan na cumhachtaí agus an tionchar céanna aige is a bhí ag an chéad teach uachtarach.[1]

Cumhachtaí foirmiúla

cuir in eagar

arna leagan amach i mBunreacht 1922

cuir in eagar

Bhí cumhacht aige, i dtosach, bille (seachas bille airgeadais) a chur ar fionraí ar feadh naoi mí agus sa bhliain 1928 athraíodh an tréimhse sin go dtí 18 mí.[1]

Maidir le bille airgeadais, ní fhéadfadh an Seanad ach moill 21 lá do chur air.

  • Níor mhór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
  • D'fhéadfadh an Seanad rith bille neamhairgid a chur ar fionraí go ceann 270 lá nó 9 mí (méadaíodh an chumhacht mhoilliúcháin sin go dtí 18 mí in 1928);
  • D’fhéadfadh an Seanad moladh a thabhairt i dtaobh bille airgid (ach ní fhéadfadh sé é a leasú) agus é a chur ar ais laistigh de 21 lá;
  • Bhí sé de cheart aige billí neamhairgid a thionscnamh agus d’fhéadfadh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach
  • Faoi Airteagal 47, d’fhéadfaí, le rún ó thrí chúigiú de chomhaltaí an tSeanaid (ina n-aonar), bille a chur faoi reifreann.
  • Níor mhór rún ón Seanad (agus ón Dáil) chun Breitheamh de chuid na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó mhí-chumas a luafaí (Airteagal 68).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Deaglan De Breadun (12 Ean 2013). "Ceisteanna crua faoi ról an tSeanaid" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-05-18.
  2. 2.0 2.1 Tithe an Oireachtais (2020-11-09). "Stair na Parlaiminte in Éirinn – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-05-19.
  3. "Destruction of Irish country houses (1919–1923)" (as en) (2022-05-02). Wikipedia. 
  4. Cuireadh Bunreacht na hÉireann in ionad Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 1 Iúil 1937.