Seán Ó Laoghaire (Fínín)
Poblachtánach Éireannach agus Fínín mór le rá ab ea Seán Ó Laoghaire (Béarla: John O'Leary[1]). Rinne sé staidéar ar an dlí agus ar an leigheas araon ach níor bronnadh céim air, agus as a pháirt i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann cuireadh i bpríosún é i Sasana sa naoú haois déag.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Iúil 1830 Tiobraid Árann |
Bás | 16 Márta 1907 76 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig Ceatharlach Scoil na Mainistreach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, file |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Siblín | Ellen O'Leary |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh i m[[Tiobraid Árann (baile)|baile Thiobraid Árann, Contae Thiobraid Árann é, agus cuireadh oideachas ar Ó Laoghaire (a bhí ina Chaitliceach) sa Scoil Ghramadaí Phrotastúnach áitiúil, i Scoil na Mainistreach, agus i gColáiste Caitliceach Cheatharlach ina dhiaidh sin. Shamhlaigh sé é féin leis na tuairimí a mhol Tomás Dáibhis, agus bhuail sé le Séamas Mac Stiofáin i 1846.[1]
Thosaigh sé a chuid staidéir ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i 1847, áit a raibh baint aige, trí Chlub Grattan, le Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh, Séamas Fionntán Ó Leathlobhair, agus Tomás Proinsias Ó Meachair.
Éirí amach 1848
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Alan O'Day, O'Leary, John (1830–1907), Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006