Gléas aonfheag ceoil, déanta as miotal le cró leathan cónach, cosúil leis an sacschorn. Adolphe Sax (1814-1894) a cheap é, a fuair paitinn air, agus a rinne i dtoisí is airdí éagsúla é, in alt is teanóir den chuid is mó. Bíonn an dá cheann seo chomh maith le baratón is soprán i gceathairéad sacsafón. Tá an dordsacsafón is an t-olldordsacsafón ann freisin, ach in úsáid go hannamh. Uirlis choitianta i snagbhannaí is bannaí damhsa, agus baintear feidhm as uaireanta i gceol foirne.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.