Is séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Mhantáin, Éire, é Séipéal Chill Chróine.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Séipéal Chill Chróine
Sonraí
CineálEaglais Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 11′ N, 6° 08′ O / 53.19°N,6.14°W / 53.19; -6.14
Gníomhaíocht
DeoiseUnited Dioceses of Dublin and Glendalough (en) Aistrigh

Tá Séipéal Chill Chróine suite i gcoillearnach ar imeall thiar Bhré, ó dheas den Deargail.[2]

Seans go raibh séipéal adhmaid níos luaithe ar an suíomh, tiomnaithe do Naomh Cróine, naomh baineann doiléir den 5ú haois.[3][4]

Tógadh an séipéal cloiche sa 11ú haois, agus ba iad na pátrúin réamh-Normannach ná Uí Briuin CualannUí Ceallaigh ó Uí Teigh. Sa tréimhse Normannach, luaitear Cill Chróine i dtaifid 1280, 1285 agus 1305. Tháingig sé ar aiis faoi seilbh na nGael níos déanaí nuair a ghlac muintir Uí Tuathail seilbh ar an gceantar.

Sa bhliain 1533, luadh gur séipéal de chuid an tséipéil mhóir áitiúil i Stagonyll (Cúirt an Phaoraigh) a bhí i gCill Chronaigh. Deir taifid eile go raibh sé ina sheilbh ag Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath.

Leathnaíodh an séipéal sa tréimhse mheánaoiseach dhéanach, agus sa tréimhse nua-aimseartha tá roinnt athchóiriú déanta, agus na ballaí á gcur suas.[5][6]

 
Radharc den Séipéal

Tá cruth dronuilleogach ar an séipéal le ballaí de ghaineamhchloch, eibhir agus bloic scealla. Tá Fardoras eibhir agus fuinneog cheannchruinn ar an mballa theas.

  1. Holdings: Kilcroney Church.” (1929).
  2. Kilcroney Church” (17 November 2006).
  3. Irish Tourist Board (1953). "Ireland guide". Fógra Fáilte. Dáta rochtana: 2016-08-17. 
  4. Omnium Sanctorum Hiberniae: Saint Croine, January 27”.
  5. Church with holy woman's name - Independent.ie”.
  6. Geograph:: Kilcroney Church ruins (C) Max Wellman”.