Is pearsa sna creidimh Abrahámacha é Sátan, ar a dtugtar Lúicifir sa Chríostaíocht freisin. Ligeann Sátan daoine i gcathú, agus cuireann sé ar bhóthar a n‑aimhleasa iad. Sa Ghiúdachas, creidtear go bhfuil Sátan faoi shotal do Dhia, agus breathnaítear air mar mheafar don yetzer hara, nó “claonadh olc”. Sa Chríostaíocht agus in Ioslam, creidtear de ghnáth gur aingeal uabhairjinn é a rinne ceannairc in aghaidh Dé, cé gur thug Dia cumhacht shealadach dó ar an domhan thíos agus ar shlua deamhan. Sa Chórán, is aonán déanta as tine é Shaitan (ar a dtugtar Iblis freisin), a díbríodh as Neamh toisc gur dhiúltaigh sé sléachtadh roimh Ádhamh agus toisc go ligeann sé daoine i gcathú trí waswās (“drochmholtaí”) a chur ina n-intinn.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSátan

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálaingeal an uabhair
neach osnádúrtha
diabhal
jinn Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmSamael Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agAdam Sandler Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharcreideamh Abrahámach, Paradise Lost, Little Nicky, An Bíobla, The Devil and Tom Walker agus Divine Principle Cuir in eagar ar Wikidata
Miotaseolaíochtan Sátanachas diachúil, creideamh Abrahámach agus Sátanachas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Leasainmנסיך האופל agus מלאך המוות Cuir in eagar ar Wikidata
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeidealTiarna an Oilc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ComhionannShaitan, Iblis, nathair nimhe sa Bhíobla, diabhal, Ahriman, Lúicifir, Belial, an Diabhal sa Chríostaíocht, ceiribín Eizicéil in Éidin, Ha-Satan, Tiarna an Oilc, an Dragan Mór Dearg, Helel, Woland, Ifrit, Marid, gúl agus Um as-Sibyan Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 4521083a-6827-4ad2-b60e-5c27b42f08d9 Cuir in eagar ar Wikidata

Cé nach bhfuil Sátan luaite i Leabhar Gheineasas, creideann go leor Críostaithe gurb é Sátan an nathair nimhe i nGairdín Éidin (Gein. 3). Sna Soiscéil Shionoptacha, cuireann Sátan cathú ar Íosa sa bhfásach (Matha 4:1–11). In Apacailipsis Eoin, is “dragan mór dearg” é Sátan (Apac. 12:3). Sáraíonn Mícheál an tArdaingeal é, ansin “teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.” (Apac. 12:9). Níos déanaí, cuireadh faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain (Apac. 20.2).

Sa Mheánaois, ní raibh ach ról beag ag Sátan sa diagacht Chríostaí, agus úsáideadh é mar charachtar grinn i rúndrámaí an lae. Sa Nua-Aois Luath, tháinig méadú mór ar thábhacht Shátain de réir mar a tháinig borradh faoin líon daoine a chreid san asarlaíocht agus i ndeamhain. Le linn Ré na hEagnaíochta, cháin smaointeoirí ar nós Voltaire na daoine a chreid i Sátan. Mar sin féin, creideann go leor daoine i Sátan sa lá atá inniu ann, go háirithe daoine i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas.

Cé go mbreathnaítear ar Shátan go ginearálta mar dhroch-charachtar, tá tuairimí an-difriúla ag grúpaí áirithe. Sa Sátanachas diachúil, tugtar urraim do Shátan mar dhia. I Sátanachas LaVey, is carachtar a bhfuil tréithe suáilceacha aige é Sátan, agus siombail den tsaoirse chomh maith.

Ní dhearnadh cur síos ar chuma Shátain sa Bhíobla riamh, ach, ón naoú haois ar aghaidh, léirítear é go minic san ealaín Chríostaí le hadharca, crúba scoilte, cosa an-ghruagacha, agus eireaball; bíonn píce ina sheilbh go minic freisin. Is meascán de thréithe a tháinig ó dhéithe págánacha éagsúla iad seo, mar shampla Pan, Poiséadón, agus Bes. Is minic a bhíonn Sátan ina charachtar sa litríocht, go suntasach san Inferno le Dante Alighieri, i ngach leagan den scéal clasaiceach Faust, in Paradise Lost agus Paradise Regained le John Milton, agus i ndánta de chuid William Blake.[1] Bíonn sé fós le feiceáil i scannáin agus i gcláir teilifíse sa lá atá inniu ann.

  1. Baillie, E. M. (2014). Facing the Fiend: Satan as a Literary Character. England: Wipf and Stock Publishers.