In 1895, chuir an polaiteoir Briotanach, Dr. Leander Starr Jameson,[1] fórsa beag le chéile san Afraic Theas agus rinne sé ionradh ar an Transvaal; tugadh an Ruathar Jameson air[2] (29 Nollaig 1895 – 2 Eanáir 1896). Chuaigh an ruathar ar fad ina phraiseach agus buadh go trom ar na Briotanaigh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRuathar Jameson
Íomhá
Cineálruathar míleata
coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid destair mhíleata na hAfraice Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse29 Nollaig 1895 - 2 Eanáir 1896
Dáta na bliana29 Nollaig 1895 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPoblacht na hAfraice Theas Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht na hAfraice Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Leander Starr Jameson

Nuair a thángthas ar ór sa Transvaal, tháinig na Sasanaigh isteach ina dtáinte thar an teorainn ó Choilíneacht na Rinne. D'fhás cathair Johannesburg as an talamh thar oíche, agus na huitlanders (na strainséirí nó na heachtrannaigh, mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir (muintir na Breataine agus na hÉireann a bhí ag obair in aice le Johannesburg go háirithe).

Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. Bhí Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal ag an am, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd.

I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na huitlanders, d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Ní thabharfadh Paul Kruger cearta vótála dóibh ach an oiread.[3] Mar sin, thosaigh na huitlanders ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir Poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil.

Mafikeng, 1899

Imeachtaí

cuir in eagar

Sa bhliain 1895, thosaigh ain Cecil Rhodes é ag maoiniú coup d'état i bPoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal). Bhí Rhodes an-mhór leis an bpolaiteoir Briotanach, Dr. Leander Starr Jameson,[4] agus cheap siad go dtiocfadh na Uitlanders ar a thaobh. Ach níor tharla sé seo.[5]

Theip go hiomlán ar an iarracht seo, áfach. San Eoraip bhí raic ann faoin ionradh. Shéan Rialtas na Breataine go raibh aon eolas acu faoin ionradh. Bhí ar Rhodes éirí as a phost mar Phríomh-Aire ar an Rinn. Chuir Kaiser na Gearmáine sreangscéal chuig Kruger ag déanamh comhghairdeachais leis. Chuir sé seo olc ar na Briotanaigh agus mhéadaigh sé an teannas idir an Bhreatain agus an Ghearmáin.[5]

Ghlac na Bóraigh leis an iarracht mar thús le cogadh. Thosaigh Kruger agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, agus d'ordaigh siad raidhfilí Mauser ón nGearmáin le haghaidh a n-airm i dtús na bliana 1896.

Níos déanaí

cuir in eagar

Chuaigh an caidreamh idir na Bóraigh faoi Paul Kruger (Príomh-Aire an Transvaal) agus na Briotanaigh sa Rinn in olcas i ndiaidh ionradh Jameson. In 1899, d’fhógair Kruger cogadh ar na Briotanaigh. Bhí súil aige go mbeadh an bua aige sar a mbeadh breis saighdiúirí tagtha ón mBreatain.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Leander Starr Jameson" (as en) (2024-09-11). Wikipedia. 
  2. i mBéarla, an Jameson Raid, nó Afrikaans: Jameson-inval, (nó ''Jameson's Invasion'')
  3. cogg.ie. "Coilíneachas Eorpach, 1870 - 1914". Dáta rochtana: 2024.
  4. "Leander Starr Jameson" (as en) (2024-09-11). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 5.2 cogg.ie. "Coilíneachas Eorpach, 1870 - 1914". Dáta rochtana: 2024.