Rogallach mac Uatach

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Raghallach mac Uada (Sean-Ghaeilge Rogallach mac Uatach) (bás 649[1]). Uada mac Aodha (bás 600), iar-rí, ba ea a athair.[2] Phós sé Muireann de Cineál Chairbre, the gar-dhubhó an Ardrí, Tuathal Maolgharbh (bás 544).[3]

Infotaula de personaRogallach mac Uatach
Beathaisnéis
Bás649
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCeallach mac Raghallaigh, Fergus mac Rogallach Ó Briuin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairUada mac Aodha
Duine muintearthaDomhnall mac Cathail (garmhac)
Muiredach Muillethan (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Raghallach i gcoróin tar éis dó an t-iar-rí, Colmán mac Cobhthaigh de chlann Uí Fhiachrach Aidhne (bás 622), a chloí i gCath Cenbuigi (Canbo, Contae Ros Comáin). Molann Francis Byrne gurbh é siúd an chéad duine dá chlann a raibh go deimhin ina rí Chonnacht.[4] Dar le Seathrún Céitinn, d'eagraigh Raghallach cruinniú leo siúd a d'fhéadfadh a choróin a éileamh, agus mharaigh sé go fealltach a nia ann.

Bhí caidreamh colach ag Raghallach lena iníon, údar mór díomá dá bhean chéile Muireann, a tribe gearán leis an Ardrí. Níor éirigh le hidirghuí Naomh Fhéichín fiú a bhéasa a athrú.

Ag seilg lá, ghoin sé fia lena shleá. Lean sé é ach bhí an fia maraithe cheana ag beirt sclábhaithe. D'éiligh sé an fhiafheoil uathu, ach mharaigh na sclábhaithe é ar a chapall bán.[5]

Insítear i nAnnála Tiarnaigh gurbh é a mharfóir ná Máel Brigte mac Mothlachán de Corco Cullu, aitheachthuath Chiarraí Aoí, dream mór ar Mag nAí, críocha dúchais Uí Bhriúin.[4]

I measc a mhac, bhí a leanas:

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 19
  3. Dobbs, Margaret E., “The Ban-shenchus [cuid 2]”, Revue Celtique 48 (1931), lch. 180: Muirend ingen Mail Duin m. Suibne m. Aeda m. Garbain m. Thuathail Mail Gairb, bean Ragallaig (ob. 648) m. Uadach, mathair a tri mac. I. Feargus (ob. 649) 7 Cathal 7 Cellach: 7 ba bean do Diarmaid (ob. 664) m. Aeda Slaini in Muireand sin.
  4. 4.0 4.1 Byrne, lch. 246
  5. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar III, ll. 131-135
  6. Annála Tiarnaigh, AT T649.1