Risteárd Ó Glaisne

iriseoir agus scríbhneoir Éireannach

Scoláire, múinteoir, fear léinn agus iriseoir ab ea Risteárd Earnán Ó Glaisne.[1] Ba líonmhar a chuid scríbhinní – idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol. Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge. D’éag se in aois 76 sa bhliain 2003.

Infotaula de personaRisteárd Ó Glaisne
Beathaisnéis
Breith2 Meán Fómhair 1927
Droichead na Bandan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Samhain 2003
76 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnModhachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Rugadh Risteárd i gceantar Dhoire Garbh Thoir tamall ó Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí ar 2 Meán Fómhair 1927. Ba é an tríú duine é den cheathrar clainne a bhí ag George William Giles agus a bhean Sara Jane Vickery. Feirmeoirí ba ea a shinsir agus cónaí sa cheantar sin ar mhuintir Giles le 350 bliain um an taca seo.

Modhach ab ea é agus fuair sé a chuid oideachais sa Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Ar an drochuair, tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil.

Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.

I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail, Seán Beaumont agus Sorcha Ní Ghuairim. Ar feadh bliana freisin bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste; bhí de thoradh air sin gur lean cairdeas aige ar feadh a shaoil lena chomhaimsearaigh in Ollscoil na hÉireann, leithéidí Riobáird Mhic Góráin, Pheig Nic Curtáin (an tSiúr Benvenuta), agus Desmond Fennell. Tar éis dó céim a bhaint amach d’éirigh leis an ard-dioplóma san oideachas a fháil in 1950 agus céim mháistir in 1959.  

  • Bun-Ghaeilge; a concise guide to Irish, 1962 (In 1962 ba é Cara a d’fhoilsigh a chéad leabhar)
  • Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann, 1971 (Clódhanna teo.)
  • Raon mo Shiúil, 1972 (Foilseachain Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath)
  • Saoirse na mBan, 1973 (Cló Grianréime)
  • Curriculum Vitae, 1973
  • Ceannródaithe, 1974 (Foilseacháin Náisiúnta Tta)
  • Scríbhneoirí na Nua-Ré, 1974
  • Conor Cruise O’Brien agus an Liobrálachas, 1974 (Clódhanna Teo)
  • Cuairt Ghearr: spléachadh ar na Stáit Aontaithe, 1975
  • Cad deir tú leis na hAlbanaigh? 1978
  • Don Ábhar Saoririseora, 1980
  • Raidió na Gaeltachta, 1982
  • Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael, 1988
  • Tomás Ó Fiaich, 1990
  • To Irish Protestants, 1991
  • Dúbhglas de hÍde, 1991-93 (2 iml.)
  • Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, 1992
  • Pádraig Ó Fiannachta, 1995
  • Cosslett Ó Cuinn, 1995 (Coiscéim, 1996)
  • Niall Brunicardi, 1997
  • Modhaigh: Scéal pobail – Scéal eaglaise, 1998
  • Denis Ireland, 2000
  • De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000
  • Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan, 2001
  • Cearbhall Ó Dálaigh, 2001
  • Coláiste Moibhí, 2002
  • Esperanto: teanga idirnáisiúnta, 2004
  • Eagarthóir, 2005
  • Éire agus an Eite Chlé, 2007