Teredo

géineas moileasc
(Athsheolta ó Rincs)

Géineas breallach sáile is ea Teredo a thochlaíonn adhmad agus a chónaíonn laistigh de na tolláin a chruthaíonn siad. Tugtar rincs, giúrann, nó gríorac orthu go coitianta.[1] Is moilisc dhébhlaoscacha mhara (fíleam Mollusca) san fhine thacsanomaíoch Teredinidae iad. Is é Teredo navalis an speiceas tíopúil.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTeredo Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeBivalvia
OrdMyida
FineTeredinidae
GéineasTeredo Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Cosúil leis an gcuid is mó de dhébhlaoscaigh mara, is scagbheathóirí iad, is é sin le rá go n-itheann siad cáithníní beaga ar snámh san uisce.[3] Itheann siad adhmad freisin mar bhia tánaisteach le cúnamh ó bhaictéir taobh istigh dá gcealla.[4] Mar sin féin, ní cuid riachtanach dá n-aiste bia é an t-adhmad, agus is féidir leo maireachtáil ar dhromchlaí atá déanta as ábhar seachas adhmad.[5]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an ngiúrann (scríobh sé “an giúirlinn”) ina leabhar Cladaí Chonamara:

Is mór an scrios a níos an phéist aisteach seo ar adhmad. Is minic a chonaic mé saltracha, sparraí, pleaneanna, boscaí, bairillí agus aon rud eile mar sin a bhíodh i bhfad i bhfarraige lomlán le poill acu...

Beidh siad sin ag méadú agus ag neartú de réir a chéile go mbí siad in inmhe, agus i rith an ama sin beidh siad ag géarú agus ag tolladh na maidí agus beidh na poill ag fairsingiú isteach de réir mar a bheas siadsan ag gabháil i méid. Faoí cheann ceathair nó a cúig de mhíonna bíonn damáiste mór déanta acu. Níl ann ach go dtabharfá faoi deara béal an phoill tá sé chomh cúng sin, ach tá sé chomh ramhar istigh san adhmad agus go mb'fhéidir leat do mhéir a chur ann, cuid den phéist taobh istigh agus cuid ar an taobh amuigh, agus an dá chuid i ngreamú dá chéile ag béal an phoill le féith atá chomh caol le ribe gruaige...

Poill chama a níos siad agus iad chomh gar dá chéile agus is féidir leo a bheith, chomh sleamhain le gloine ar an taobh istigh agus iad smeartha le cóta tanaí crua aoil de bharr shaothar na ngiúirlinneacha ar an aistir fhada ar ucht ard na dtonn...[6]

I measc na speiceas laistigh de ghéineas Teredo:

  1. “Teredo” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-29.
  2. Serge Gofas (2004). "Teredo Linnaeus, 1758". WoRMS. World Register of Marine Species.
  3. Paalvast (2013-07-01). "What is the main food source of the shipworm (Teredo navalis)? A stable isotope approach" (as en). Journal of Sea Research 80: 58–60. doi:10.1016/j.seares.2013.03.003. ISSN 1385-1101. Bibcode2013JSR....80...58P. 
  4. How a Ship-Sinking Clam Conquered the Ocean” (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2020-11-05.
  5. Taub (2018-10-15). “A Century Ago, Wood-Eating Worms Devastated San Francisco Bay” (en). Atlas Obscura. Dáta rochtana: 2020-11-05.
  6. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.