Rialtas sealadach na hIúdáia (66–68)

Aonán rialaithe de facto gearrthéarmach de chuid Iúdáia

Aonán rialaithe de facto gearrthéarmach de chuid Iúdáia a bhí sa rialtas sealadach Giúdach, a bunaíodh sa bhliain 66 ag fórsaí reibiliúnach Giúdacha de chuid páirtithe na bhFairisíneach agus na Sadúcach,[1] agus a raibh sé mar aidhm aige stát na nGiúdach a rialú. D'fheidhmigh an rialtas go dtí Léigear Teampaill na nDíograiseoirí sa bhliain 68, nuair rinneadh sléacht ar an chuid is mó dá cheannairí sa streachailt idir-reibiliúnach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRialtas sealadach na hIúdáia

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh

PríomhchathairIarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
ReiligiúnGiúdachas an Dara Teampall Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire stáitIósaf ben Gurion Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis an ruaig a chur ar Ghallus i mBeit Horon sa bhliain 66 CE, glaodh Comhthionól an Phobail faoi threoir spioradálta <b>Shimon ben Gamliel</b> agus mar sin bunaíodh rialtas sealadach na hIúdáia in Iarúsailéim. Ceapadh Ananus ben Ananus, iar -Ardshagart Iosrael, ar cheann de na ceannairí rialtais agus thosaigh sé ag neartú na cathrach, le Joshua ben Gamla ag glacadh príomhról freisin. Ceapadh Yosef ben Matityahu ina cheannasaí ar an Ghailíl agus ar Ghólán, agus ceapadh Yosef ben Shimon ina cheannasaí ar Ireachó.[2] Ceapadh Ióchánán Issene ina cheannasaí ar Jaffa, Lide, Amméas-Niocapoil agus limistéar Tamná ar fad.[2] Ceapadh Eliezar ben Hananiya mar chomhcheannasaí in Eadóm mar aon le Joshua ben Zafia, le Nigir an Piarsach, laoch le linn fheachtas Ghallus, faoina gceannas. Ceapadh Manaise chun na Peiré a chlúdach agus leithdháileadh Gophna agus Acrabetta ar Ióchánán ben Hananiya.[2]

  1. A Chronology of the Life of Josephus and his Era
  2. 2.0 2.1 2.2 Ben Zion, S. A Roadmap to the Heavens: An Anthropological Study of Hegemony Among Priests. p45.