Réadlann réalteolaíoch atá á tógáil sa tSile faoi láthair is ea Réadlann Vera C. Rubin, ar a dtugtaí Teileascóp Mór na Suirbhéireachta Sionoptaí (TMSS) roimhe seo. Is é an príomhchúram a bheidh air ná suirbhé réalteolaíoch sionoptach a dhéanamh, an Legacy Survey of Space and Time. [1] [2] Díorthaítear an focal sionoptach ó na focail Ghréagacha σύν (syn “le chéile”) agus ὄψις (opsis “amharc”), agus cuireann sé síos ar bhreathnuithe a thugann léargas leathan ar ábhar ag am ar leith. Tá an réadlann suite ar bhuaic El Peñón de Cerro Pachón, sliabh 2,682 méadar ar airde i Réigiún Coquimbo, i dtuaisceart na Sile, taobh leis na teileascóip "Gemini South" agus "Southern Astrophysical Research Telescope" atá ann cheana féin. [3] Tá an tsaoráid bunáite LSST suite ar an mbóthar amach ón réadlann, i mbaile La Serena. Tá an réadlann ainmnithe as Vera Rubin, réalteolaí Meiriceánach a bhí i gceannas ar fhionnachtana faoi rátaí rothlaithe réaltraí.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Réadlann Vera C. Rubin
Íomhá
Ainmnithe in ómósVera Rubin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálTeileascóp frithchaiteach agus réadlann Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2015 – 2021foirgníocht
Feabhra 2025 an chéad solas
Tréith
Airde os cionn na farraige2,672.75 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinElqui Province, An tSile (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCerro Pachón
Map
 30° 14′ 41″ S, 70° 45′ 02″ O / 30.244814°S,70.750591°W / -30.244814; -70.750591
Gníomhaíocht
OibreoirLarge Synoptic Survey Telescope Corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tonnfhad320 nm–1,060 nm
Trastomhasscáthán príomhúil: 8.417 m
scáthán tánaisteach: 3.42 m
scáthán treasach: 5.016 m
Achar dromchla35 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Telescope mount (en) AistrighAltasamat
Minor Planet Center observatory code (en) AistrighX05
Suíomh gréasáin oifigiúilrubinobservatory.org
Twitter: VRubinObs Mastodon: VRubinObs@astrodon.social Instagram: rubin_observatory Youtube: UCoKgqaxFrkwnffyfyhKhC2w Cuir in eagar ar Wikidata
  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  2. NSF-supported observatory renamed for astronomer Vera C. Rubin” (en). www.nsf.gov. Dáta rochtana: 2020-01-07.
  3. Press Release LSSTC-04: Site in Northern Chile Selected for Large Synoptic Survey Telescope”. LSST (17 May 2006). Dáta rochtana: 1 August 2015.