Défheinil pholaclóirínithe

(Athsheolta ó Polaclóraidéfeinilí)

De ghnáth, is éard is défheinil pholaclóirínithe[1] ann ná meascán comhdhúl ina malartaítear adaimh chlóirín ar adaimh hidrigine i ndéfheinil, C12H10 (móilín ina bhfuil dhá ghrúpa feinile nasctha le chéile). Tugtar DPCanna orthu (nó PCBs i mBéarla). Móilíní an-chobhsaí is ea iad, ionas gur ábhair an-mhaithe lasairmhoillitheacha is leictrinslitheacha iad. Ach nuair a dhíghrádaíonn siad faoi dheireadh, bíonn táirgí an díghrádaithe tocsaineach. I 1999 fuarthas dé-oscain is DPCanna i mbianna d'ainmhithe, ag leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bheadh sábháilte. Tharla eachtra mar seo in Éirinn maidir le cothú muc i 2008: truaillíodh an-chuid muiceola in Éirinn is go hidirnáisiúnta, agus rinneadh an-damáiste do thionscal na muiceola. Is amhlaidh a charnann DPCanna, cosúil le dé-ocsain, i saill na colainne agus a fheidhmíonn mar nimhiú mall.[2]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachDéfheinil pholaclóirínithe
Substaint cheimiceachgrúpa aonán ceimiceach
Róltruailleán, developmental toxicant (en) Aistrigh, carcainigin, persistent organic pollutant (en) Aistrigh agus endocrine disruptor (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
  1. “défheinil pholaclóirínithe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Polaclóraidéfeinilí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.