Is éard is pideog[1] ann ná moileasc débhlaoscach mara a thochlaíonn poll i bhfoshraitheanna crua cosúil le cailc nó adhmad ar an gcladach íseal in uiscí tanaí. Maireann sí i seomra, tochailte amach sa bhfoshraith. Tógann sí uisce isteach le siofón fada.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPideog
Pholadidae Cuir in eagar ar Wikidata

pideog Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeBivalvia
OrdMyida
ForfhinePholadoidea
FinePholadidae Cuir in eagar ar Wikidata
Lamarck, 1809
An dá shiofón trína tharraingíonn an phideog seo anáil agus trína bheathaíonn sí. Is féidir léi scaird uisce a chaitheamh cúpla troighe in airde tríothu freisin. Tógadh an pictiúr seo i Sunda Puget i Stát Washington, SAM.
  1. “Pholadidae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Pideog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 517.