Peireatóiníteas
Is éard is peireatóiníteas ann ná athlasadh an pheireatóinéaim. Tugtar athlasadh an pheireatóinéim air uaireanta. Is féidir go gcúiseodh sé bás duine.
Cineál | neamhord gastraistéigeach, intraabdominal infection (en) , galar athlastach, peritoneal disease (en) , skin and integumentary tissue symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | gaistreintreolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | urlacan, abdominal tenderness (en) agus masmas |
Cógais ceftriaxone (en) , cefotetan (en) , cefotaxime (en) , amphotericin B (en) , meropenem (en) agus cefoxitin (en) | |
Pataigineas | |
Suíomh | peireatóinéam |
Aicmiú | |
ICD-10 | K65 |
ICD-9 | 567.8, 567.89 agus 567.82 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0131187 |
DiseasesDB | 9860 |
MedlinePlus | 001335 |
eMedicine | 1952823 |
Patient UK | Intra-abdominal-Sepsis-and-Abscesses |
MeSH | D010538 |
UMLS CUI | C0031154, C0029823 agus C0031154 |
DOID | DOID:8283 |
Athlasadh an pheireatóinéim ag ionfhabhtú nó greannú le hábhair choimhthíocha. Feidhmíonn an peireatóinéam mar gharda ar an mbolg: má tharlaíonn sceith ón mbolg nó an stéig (mar a tharlódh i gcás bréifne), greamaíonn cisil an pheireatóinéim le chéile chun an t-ionfhabhtú a choinneáil i spás beag. Mar shampla, go minic is féidir go leanfaidh easpa chúng aipindice bréifin aipindice. Má scaipeann an t-ionfhabhtú ar fud an chuais pheireatóinéigh, tarlaíonn peireatóiníteas ginearálta, éigeandáil máinliachta amach is amach, go minic marfach. Tá dromchla an pheireatóinéim an-fhairsing, agus mar sin in ionfhabhtú ginearálta táltar an-chuid sreabháin amach as imshruthú na fola, rud a chuireann tús le croitheadh. I measc na gceimiceán a fhéadfaidh a bheith greannaitheach don pheireatóinéam, tá aigéad hidreaclórach gastrach, súlach domlasach ag sceitheadh ó othras dúidéineach pollta, agus einsímí paineréasacha a scaoiltear sa pheireatóinéam mar thoradh ar phaincréitíteas géar.
Aimhréidh is féidir leis tarlú is ea cur fola trom, nó bréifin a fhéadfaidh tús a chur le peireatóiníteas[1]. I measc na bhfachtóirí a dhéanann an duine toghrach don riocht seo tá caitheamh tobac, alcól, strus, agus drugaí greannaitheacha cosúil le haspairín. I gcuid mhaith cásanna bíonn baint ag coilíniú na conaire stéigí uachtaraí ag an mbaictéar Helicobacter pylori leis.
Muna ndéantar obráid chun an aipindic a bhaint, féadfaidh sí polladh, rud a chuirfidh tús le peireatóiníteas ginearálta agus bás[2].
Cuireann drólainníteas othrasaithe isteach ar dhaoine óga fásta. Éiríonn líneáil na drólainne is an reictirn othrasaithe, agus is féidir go bpollfar í is go bbfaighidh duine peireatóiníteas.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |