Páirc Mhic Asmaint

staid spóirt

Is í Páirc Mhic Asmaint, Páirc Mhic EasmainnCasement Park mar a ghlaoitear uirthi as Béarla an príomh-staid spóirt ina imrítear na cluichí Gaelacha i gcathair Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann. Is san áit seo a imríonn na foirne as CLG Chontae Aontroma a gcluichí baile. Tagann ainm na páirce ón réabhlóidí Éireannach Ruairí Mac Easmainn, a crochadh tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Tá cóir suí le 32,000 duine ann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc Mhic Asmaint
Íomhá
Ainmnithe in ómósRuairí Mac Easmainn Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálStaid agus díol spéise do thurasóirí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1953 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1953 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh88–104 Anderstonstown Rd, Belfast, BT11 9AN
Map
 54° 34′ 24″ N, 5° 59′ 02″ O / 54.5733°N,5.984°W / 54.5733; -5.984
Gníomhaíocht
ÚinéirCLG Chontae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Suíocháin32,600 Cuir in eagar ar Wikidata
SealbhóirCLG Chontae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
2007
Ulster Senior Hurling Championship Armagh vs Tyrone, 2010

Osclaíodh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh sa bhliain 1953, nuair a bhuaigh na Harps ó Ard Mhacha in éadan Naomh Sheáin ó Chontae Aontroma. Sa bhliain chéanna, imríodh an chéad chluiche ceannais peile Uladh sa pháirc. B'é Ard Mhacha a fuair an lámh in uachtar i gcoinne an Chabháin ar an ócáid sin.

Go hiomlán, imríodh ocht cluichí ceannais Uladh i bPáirc Mhic Asmaint.

Athtógadh Páirc Mhic Asmaint san 2010idí.[1]

  1. gaa.ie (2012). "Aogán O Fearghail, Uachtarán Chomhairle Uladh CLG". Dáta rochtana: 2021.