Pàdraig MacAoidh

scríbhneoir Albanach

Is cainteoir dúchais Gàidhlig é Pádraig Mac Aoidh (Peter Mackay), as Oileán Leòdhais. Is acadóir, scríbhneoir agus craoltóir é agus tá tionchar ag oidhreacht teanga an oileáin sin ar a chuid scríbhinní. Ghnóthaigh sé MA ó Ollscoil Ghlaschú agus tá dochtúireacht aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí poist aige in Ionad Filíochta Séamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; agus ag Sabhal Mòr Ostaig, áit a raibh sé ina scríbhneoir cónaithe. D’oibrigh sé freisin mar iriseoir agus léiritheoir nuachta teilifíse don BBC.

Infotaula de personaPàdraig MacAoidh
Beathaisnéis
Breith1979
44/45 bliana d'aois
Leòdhas, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir, scríbhneoir, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban, Béarla agus an Ghaeilge

Twitter: PadraigMacaoidh Instagram: padraig.macaoidh Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobh Pádraig monagraf ar shaothair Shomhairle MhicGill-Eain (RIIS, 2010), agus tá eagar curtha aige ar bhailiúcháin aistí ar nua-fhilíocht na hÉireann agus na hAlban agus ar litríocht Ghaeilge na hAlban. Faoi láthair, tá sé ag obair ar leabhar le Wordsworth agus Séamus Heaney, agus tá eagarthóireacht déanta aige, i gcomhpháirt le hIain S. McPherson, ar An Leabhar Liath / The Light Blue Book, díolaim filíochta grá agus filíochta collaí, a d'fhoilsigh Luath Press sa bhliain 2016 agus ar bronnadh Duais Dhomhnaill Meek air.

Chonacthas a chuid filíochta den chéad uair sa phaimfléad ‘From Another Island’’ (Clutagh Press, 2010), agus sa chnuasach Gu Leòr, a d’fhoilsigh Acair sa bhliain 2015.