Oskari Tokoi

polaiteoir Fionlannach

Polaiteoir agus iriseoir Fionlannach a bhí in Oskari Tokoi (rugadh in Kannus ar an 15 Bealtaine 1873 é, agus fuair sé bás ar an 4 Aibreán 1963 i Leominster, Massachusetts).

Infotaula de personaOskari Tokoi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Aibreán 1873
Kannus (Impireacht na Rúise)
Bás4 Aibreán 1963
89 bliana d'aois
Fitchburg, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Speaker of the Parliament of Finland (en) Aistrigh
3 Feabhra 1913 – 1 Feabhra 1914
Comhalta de Pharlaimint na Fionlainne
22 Bealtaine 1907 –
Téarma parlaiminte: 1st Parliament of Finland (en) Aistrigh

Speaker of the Parliament of Finland (en) Aistrigh
Member of the Senate of Finland (en) Aistrigh

← Mikhail BorovitinovEemil Nestor Setälä → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, ceardchumannaí, iriseoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhionlainnis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Cathartha na Fionlainne

Nuair a tháinig sé i mbun a mhéide, chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus chaith sé naoi mbliana ag obair ansin, go háirithe sna poill mhianaigh. Chuaigh sé sa cheardchumann ansin agus fuair sé aithne ar an Sóisialachas agus ar ghluaiseacht an lucht oibre. Sa bhliain 1900, d'fhill sé go Kannus. Bhunaigh sé siopa ansin, agus chuaigh sé le feirmeoireacht chomh maith. Sa bhliain 1905, toghadh ina chathaoirleach ar chumann an lucht oibre in Kannus é, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, vótáladh isteach é mar Fheisire do na Daonlathaigh Shóisialta. Chuaigh sé i gceannas ar cheardchumainn na Fionlainne sa bhliain 1912, agus trí bliana ina dhiaidh sin, bhí sé ina Phríomh-Aire ar Ard-Diúcacht na Fionlainne, nó, de réir théarmaíocht na linne, rinneadh cathaoirleach ar Sheanad na Fionlainne de. Ba eisean an chéad Daonlathach Sóisialach a bhí ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn.

Bhí sé ina Choimeasár Bia i rialtas na nDearg le linn Chogadh Cathartha na Fionlainne sa bhliain 1918. Nuair a briseadh an cath ar na Dearga, chuaigh sé ar a sheachnadh. D'éirigh leis liostáil in Arm na Breataine Móire, nó bhí na Sasanaigh ag cur ladair i gcogadh cathartha na Rúise agus ag cur trúpaí go dtí an Rúis, agus daoine ag teastáil uathu a bheadh eolach ar an tír.

Sa bhliain 1921, chuaigh Tokoi ó Shasana go Ceanada, agus chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe arís. Bhí sé ina eagarthóir ar Raivaaja, iris Fionlainnise d'Fhionlannaigh na Stát Aontaithe, a bhí á foilsiú i bhFitchburg, Massachusetts. Chaith sé deireadh a shaoil sna Stáit.

Bhí Tokoi pósta ar Hanna, née Räinä, ón mbliain 1897 anuas, agus saolaíodh seisear clainne dóibh. Chuaigh ceal i mbeirt acu nuair a bhí Hanna agus Oskari ar a seachnadh ó na Bána sa Rúis i ndiaidh Chogadh Cathartha na Fionlainne, ach sa bhliain 1924, d'éirigh le Hanna agus an ceathrar eile na Stáit Aontaithe a bhaint amach. Fuair Hanna bás i bhFitchburg sa bhliain 1938, agus sa bhliain a bhí chugainn phós an bhaintreach fir Eva Pearl Johanson-Whiteker, bean Mheiriceánach.

Nuair a phléasc an cogadh amach idir an Fhionlainn agus na Stáit Aontaithe, bhí Oskari Tokoi ina Leas-Uachtarán ar an gcumann a bunaíodh sna Stáit Aontaithe le cabhair agus fóirithint a thabhairt don Fhionlainn agus do mhuintir na Fionlainne. Bhí pionós an bháis ag bagairt ar Tokoi i gcónaí, dá bhfillfeadh sé go dtí an Fhionlainn, ó bhí sé ina bhall de rialtas na nDearg le linn an chogaidh chathartha, ach sa bhliain 1944, reachtaigh parlaimint na Fionlainne dlí speisialta, Lex Tokoi, le hé a dhíolmhú ón bpionós, mar aitheantas don obair a rinne sé sna Stáit Aontaithe ar son a thíre. Níor shocraigh Tokoi síos san Fhionlainn ina dhiaidh sin féin, ach tháinig sé ar cuairt cúpla uair. Fuair sé bás i Meiriceá.

Oidhreacht

cuir in eagar

Ainmníodh Tokoinranta ("Cladach Tokoi"), ceann de na páirceanna poiblí i Heilsincí, as Oskari Tokoi.