Nell McCafferty

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir, feimineach, agus gníomhaí ar son chearta an duine as Doire ba ea Nell McCafferty (28 Márta 1944 – 21 Lúnasa 2024).[1] Chomh maith le cás na mban, tharraing McCafferty aird ina cuid scríbhinní ar an leatrom a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh agus ar dhaoine bochta in Éirinn agus thar lear. Domhnach na Fola i nDoire, cás leanaí Chiarraí agus na scannail san Eaglais Chaitliceach, chíor sí go mion agus scríobh sí faoi na hábhair ar fad agus mórán eile le cois.

Infotaula de personaNell McCafferty

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1944
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Lúnasa 2024
80 bliana d'aois
Fathain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, drámadóir, gníomhaí ar son chearta na mban Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Scríobh McCafferty d'fhoilseacháin éagsúla – an Irish Times, an Sunday Tribune agus Hot Press ina measc – agus ó bhí rith breá cainte aici – caint ghonta go minic – bhíodh sí le cloisteáil agus le feiceáil go rialta ar an raidió agus ar an teilifís.[2]

Rugadh McCafferty i gcathair Dhoire i 1944, duine den seisear clainne a bhí ag Hugh agus Lily McCafferty ina dteach i dTaobh an Bhogaigh.

Bhain McCafferty céim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Bhí sí ar na chéad mhic léinn Chaitliceacha ar tugadh cead dóibh freastal ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Rinne sí staidéar ar na Dána ansin agus bhí sí gníomhach i bpolaitíocht na gceart sibhialta.[3]

Chuaigh sí ag staidéar ina dhiaidh sin sa Fhrainc. Chuaigh sí leis an iriseoireacht nuair a bhí sí sna fichidí.[2]

Gníomhaí

cuir in eagar

Bhí sí ar dhuine de na mná a bhunaigh Gluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann i 1970. Chuaigh McCafferty agus na baill eile den Ghluaiseacht ar an traein go Béal Feirste  i 1971 mar agóid in aghaidh an chosc a bhí an taobh seo den teorainn ar fhrithghiniúnaigh a iompórtáil ná a dhíol. Tharraing an beart poiblíochta sin caint is díospóireacht ar fud na tíre agus thar sáile agus baisteadh Traein na bhFrithghiniúnach uirthi.

Ní dheachaigh Nell McCafferty ar chúl scéithe riamh agus í ag cosaint chearta na mban, na mbocht agus na ndaoine sin a ndearnadh éagóir orthu. Sheas sí go teann le muintir Dhoire, go háirithe nuair a bhí siad ag éileamh a gcearta sibhialta ar stát na Breataine.[3]

Scríobh McCafferty roinnt leabhar, lena n-áirítear Peggy Deery – A Derry Family at War, Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell.

  • Ceann de na colúin is mó a tharraing cáil agus meas ar an iriseoir na colúin a bhíodh aici san Irish Times ó 1969 go 1977, In the Eyes of the Law . Scríobh sí sa gcolún sin faoi na cúirteanna sa Bridewell, seanfhoirgneamh ó ré Victoria a raibh an-drochbhail air agus ina bpléití cásanna a bhain le dlí teaghlaigh, cásanna a bhí truamhéalach níos minice ná a mhalairt. Níor chuir Nell fiacail ann faoin ainnise is an cruatan a d’fhulaing mná is leanaí i bpríomhchathair na poblachta ach chosain sí i gcónaí dínit agus príobháideachas na ndaoine sin.
  • Nuair a bhí an córas dlí sa tír ag tromaíocht ar Joanne Hayes sa gcás dlí ar tugadh leanaí Chiarraí air, sheas Nell an fód go daingean in aghaidh na héagóra a chonaic sí agus í ag obair sa gcúirt agus léirigh sí an  tromaíocht sin ina leabhar A Woman to Blame.
  • Scríobh sí faoi na mná Poblachtánach a bhí i ngéibheann in Ard Mhacha agus neamhaird déanta ar a bhfulaingt ina leabhar The Armagh Women.

Bhí an-tóir uirthi ar phainéil chainte ar raidió agus ar teilifís agus ba mhinic í ar an Late Late Show le Gay Byrne.[3]

Bronnadh neart gradam uirthi i gcaitheamh na mblianta – dochtúireacht oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2016 ina measc.

Bhí McCafferty i gcaidreamh leis an scríbhneoir Nuala O'Faolain ar feadh níos mó na cúig bliana déag sular scar siad ó chéile. Cailleadh Nuala O'Faolain in 2008.[2]

Bhí McCafferty 80 bliain d'aois nuair a bhásaigh sí ar an 21 Lúnasa 2024 in ionad altranais i gCo Dhún na nGall agus bhí sí tinn le tamall.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Fuair mé mo chuid ‘sex education’ sa Ghaeltacht!’ — éist le Nell McCafferty agus í faoi agallamh i nGaeilge. Blaiseadh den bhean agus í faoi agallamh ag Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar Raidió na Gaeltachta (sa tsraith ‘Insint na mBan’) i lár na 1980idí. "Dá mbeinn i mo Thaoiseach", a dúirt Nell, "chuirfinn gach páiste sa tír go dtí an Ghaeltacht..."[4]