Sliabhraon mór is ea na Sléibhte Creagacha (The Rocky MountainsThe Rockies). Tá siad suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh, idir tuaiscart na Colóime Briotanaí in iarthar Cheanada agus Nua-Mheicsiceo in iardheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Sléibhte Creagacha
(en) Rocky Mountains
(fr) montagnes Rocheuses Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálNon-geologically related mountain range (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinBritish Columbia, Ceanada, Alberta, Ceanada, Idaho, SAM, Montana, SAM, Wyoming, SAM, Utah, SAM, Colorado, SAM agus Nua-Mheicsiceo, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 44° 30′ N, 113° 30′ O / 44.5°N,113.5°W / 44.5; -113.5
SliabhraonCordailléara Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige4,401 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí650 (leithead) × 3,000 (fad) km
Pointe is airdeMount Elbert (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (4,401 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Déanta ascarraig mheiteamorfach, carraig dhoigheartha agus carraig dhríodair Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Tréimhsí stairiúlaan Tréimhse Chailceach agus Réamh-Chaimbriach Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an sliabhraon 3,000 míle (4,830 km) ar fhad. Tá sé 70-300 míle ar leithead (110 - 480 km). Is é Mount Elbert i gColorado an sliabh is airde sna Rockies: 4,440 troigh (4,401 m).

Réigiún turasóireachta atá ann, go mór mhór fánaíocht, campáil, iascaireachta, sciáil agus clársciáil.

Tá na Sléibhte Creagacha mar a bheadh cnámh droma Mheiriceá Thuaidh. Is iad an tríú sliabhraon is faide ar domhan iad.[1]

Is é an Liard River in British Columbia teorainn thuaidh na Rockies agus is é an Rio Grande i New Mexico an teorainn theas. Tá sliabhraonta eile ann amhail an Selwyn Range i Yukon agus an Brooks Range in Alaska ar an taobh thuaidh den Liard, agus an Sierra Madre i Meicsiceo. Níl siadsan sna Rockies, áfach, cé go bhfuil siad san American Cordillera.

Dar leis na Meiriceánaigh, tá na Cabinet agus na Salish Mountains in Idaho agus Montana sna Rockies, cé go bhfuil an chuid díobh ar an taobh thuaidh den Kootenai River, na Columbia Mountains, lasmuigh de na Rockies dar leis na Ceanadaigh.

 
Mount Timpanogos, sa Wasatch Range, gar d'Orem, Utah.

Geolaíocht

cuir in eagar

Cruthaíoodh na Rockies tuairim is 76 milliún bliain ó shin sa Tréimhse Chailceach.

I measc na mbundúchasach sa cheantar áirítear Apache, Arapaho, Bannock, Blackfoot, Cheyenne, Crow, Flathead, Shoshone, [[]], Ute, Kutenai (Ktunaxa i gCeanada), Sekani, Dunne-za. Shroich grúpa faoi cheannas Spáinnigh darbh ainm Francisco Vásquez de Coronado an réigiún sa bhliain 1540, agus tháinig meath mór ar na bundúchasaigh ina dhiaidh sin.

 
Na Rockies i gColorado

Ba é Sir Alexander MacKenzie an chéad Eorpach a thrasnaigh na Rockies, sa bhliain 1793. Shroich sé cósta an Aigéan Chiúin i mBella Coola in oirthear British Columbia.

Ba é turas taiscéalaíochta Lewis agus Clark (1804–1806) an chéad reconnaissance eolaíoch ar na Rockies.

Bhí go leor mountain men, Francaigh, Spáinnigh agus Briotanaigh ach go háirithe, sna Rockis ó 1720 go 1800, sa tóir ar fhionnaidh agus ar fhosuithe mianra. Bhunaigh an North West Company Rocky Mountain House mar phost trádála in Alberta sa bhliain 1799 agus bhunaigh an Hudson's Bay Company Acton House sa cheantar céanna. ón naoú haois déag ar aghaidh, chuir go lor Meiriceánaigh agus Ceanadaigh de phór na hEorpa fúthu sna Rockies.

Turasóireacht

cuir in eagar

Tagann na milliúin turasóir chun na Rockies gach bliain. Is é an Béarla príomhtheanga an réigiúin, ach labhraítear Spáinnis agus teangacha na mbundúchasach i gceantar áirithe agus is teanga oifigiúil í an Fhraincis i bpáirceanna náisiúnta Cheanada.

Sna Stáit Aontaithe, tá clú agus cáil ar

Seo iad na páirceanna náisiúnta sa chuid Cheanadach de na Rockies

Tá Glacier National Park in Montana agus Waterton Lakes National Park in Alberta ag críochantacht lena chéile agus Waterton-Glacier International Peace Park a thugtar air seo.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Foras na Gaeilge. "An Domhan Fisiciúil". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]