Muiredach Muinderg

rí Éireannach

Rí na nUladh de Dhál Fhiatach ba ea Muireadhach Muindearg (Sean-Ghaeilge Muiredach Muinderg) mac Forgga mhic Dhalláin.[1][2][3]

Infotaula de personaMuiredach Muinderg
Beathaisnéis
Bás489
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCairell mac Muiredaig Muinderg, Eochaid mac Muiredaig Muinderg Cuir in eagar ar Wikidata

De réir na nAnnál Tiarnaigh, fuair sé bás sa bhliain 489.[4] Sa Leabhar Laighneach, deirtear go raibh réimeas 24 bliain aige. Ní deirtear aon rud eile faoi sna hannála.

I ndiaidh léirscrios Eamhain Mhacha, tar éis na bliana 450, tháinig Dál Fhiatach i gceannas ar athbheochan na nUlad agus Muireadhach ar an gcéad rí stairiúil.[5]

De réir ghinealach Dhál Fhiatach, bheannaigh Naomh Pádraig é.[6]

Is amhlaidh go raibh ríchathaoir ag a theaghlach i nÓchtar Cuillche, taobh ó dheas de Bhaile Átha Fhirdhia, Contae Lú. Deirtear gur roinn a shleachta a n-oidhreacht anseo sa luath-6ú haois.[6]

Luaitear sna hannála cúigear mac Mhuireadhaigh, san áireamh Eochaidh agus Caireall, ríthe na nUladh araon.

  • CELT
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Dublin: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, Appendix XXI
  3. Mac Niocaill, lch. 74
  4. Annála Tiarnaigh, AT 489.3
  5. Mac Niocaill, lch. 73
  6. 6.0 6.1 Ó Cróinín, lch. 219