Muircheartach Mac Lochlainn

Ard-Rí na hÉireann

Bhí Muircheartach Mac Lochlainn ina Rí Chenél nEoghain, Rí Thír Eoghain agus Ard-Rí Éirinn ó 1156 go dtí lá a bháis sa bhliain 1166. Tháinig sé i gcomharbas ar Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair mar Ard-Rí.

Infotaula de personaMuircheartach Mac Lochlainn
Beathaisnéis
Bás1166 (Féilire Ghréagóra)
Áit adhlacthaArd Mhacha Cuir in eagar ar Wikidata
Rí Ailigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiall Mac Lochlainn, Mael Sechlainn mac Muircheartaigh Mac Lochlainn, Conchobar mac Muircheartaigh Mac Lochlainn, Derbforgaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall

Choimeád sé coróin na tíre in ainneoin iarracht ó Ruaidri mac Tairrdelbach Ua Conchobair é a bhriseadh as sa bhliain 1159. Níor éirigh leis, áfach, an ceann ab fhearr a fháil ar a shean-naimhde Cenél Conaill agus na hUlaid. Sa bhliain 1166, rinne sé iarracht teacht ar shocrú taidhleoireachta lena chomharsana. Chuir sé sos cogaidh ar bun, agus thóg sé gialla ó chuid mhaith de chlanna Uladh. Mar pháirt den socrú, thug sé mionn sollúnta d'Easpag Ard Mhacha agus daoine mór le rá eile maidir lena deá-iompair. Níorbh fhada gur bhris sé an mionn, áfach, nuair a gabhadh agus dalladh Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe, Rí Uladh.

Thréig a gcomhghuaillithe é láithreach bonn, agus fágadh Muircheartach gan mórán tacaíochta. Maraíodh eisean agus seisear déag dá chomrádaithe eile, rud a cuireadh síos de dhíoltas Naomh Pádraig.

Muircheartach Mac Lochlainn, Ard Rí

Féach freisin

cuir in eagar