Micreascóp fórsa adamhaigh

Baineann micreascóp fórsa adamhaigh (MFA) feidhm as tóireadóir braiteora chun an dromchla atá le hiniúchadh a scanadh de réir oird le híomhá a chruthú ar féidir adaimh ar leith a léiriú uirthi. Bíonn bior an-ghéar ar an mbraiteoir, dírithe i dtreo an dromchla ag fad an-bheag amach uaidh agus suite ar cheann starrmhaide lingeáin bhoig. Nuair a ghluaiseann an sampla thar an mbior, feidhmíonn adaimh an dromchla fórsa athraitheach ar an mbior, ag díláithriú an starrmhaide. Úsáidtear teicníocht optúil nó eile chun sraonadh an starrmhaide a bhrath, agus is é an sraonadh seo ag gach réigiún den dromchla a íomháítear le cabhair ríomhaire is teilifíseáin. Is féidir dromchla seoltach nó neamhsheoltach a íomháú leis. Sampla de mhicreascóp tóireadóir scanta.[1]

Infotaula equipament informàticMicreascóp fórsa adamhaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Úsáidatomic force microscopy (en) Aistrigh
  1. Hussey, Matt (2011). "Micreascóp fórsa adamhaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.