Michael Phelps
Is snámhóir Meiriceánach é Michael Fred Phelps (a rugadh ar 30 Meitheamh, 1985 i mBaltimore, Maryland).
Bhuaigh Phelps ocht mbonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i mBéising sa bhliain 2008. Sháraigh sé curiarracht Mark Spitz, snámhóir Meiriceánach eile, a bhuaigh seacht mbonn óir i München sa bhliain 1972. Fuair Phelps cúig bhonn i gcomórtais aonair agus trí cinn eile i rásaí sealaíochta.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/f/f8/Phelps_400m_IM_Missouri_GP_2008_retouched.jpg/220px-Phelps_400m_IM_Missouri_GP_2008_retouched.jpg)
Fuair Phelps sé bhonn óir agus dhá bhonn cré-umha san Cluichí Oilimpeacha san Aithin sa bhliain 2004.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Michael_Phelps_with_an_im_program_participant_-_20100308.jpg/220px-Michael_Phelps_with_an_im_program_participant_-_20100308.jpg)
Snámh
cuir in eagarMeastar go bhfuil rath ar an snámh ag Phelps toisc gnéithe éagsúla dá chorp a bheith as an ngnáth. Ceann acu seo ná go bhfuil réise láimhe níos faide ná an gnáth aige, agus í geall le 8cm níos faide ná a airde.[1]
Gné eile a deirtear a chuidigh le rath Michael Phelps sa snámh ab ea a cholainn atá níos faide ná an gnáth agus go bhfuil a chosa ábhairín gearr.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ NCAA.ie. "Tá tú tomhaiste agam!". Dáta rochtana: 2023.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |