Loinnir

gréasán sóisialta Gaeilge

Is aip í Loinnir, an chéad ghréasán sóisialta Gaeilge a úsáideann córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe léi. Lainseáladh sa bhliain 2017 í.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinLoinnir
Eapainmloinnir Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálseirbhís líonrú sóisialta agus aip shoghluaiste Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Edmond Ó Floinn an ríomhchláraitheoir a chruthaigh an aip nua, in éineacht lena chara Dónall Ó Catháin. Tá an aip ar fáil saor in aisce ar an Google Play Store. Roinn Tuairisc.ie an aip in alt agus mar gheall air sin tháinig méadú ar líon na n-úsáideoirí.[1]

Oibriúchán

cuir in eagar

Cláraíonn daoine le Loinnir agus úsáideann an aip córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe le Loinnir agus atá i gcóngar dóibh. Is féidir freisin an rogha ‘rúiléad’ a úsáid le teacht ar dhaoine atá níos faide i gcéin, nó, go deimhin, dul isteach i ‘seomra cainte’ agus labhairt le grúpa daoine.

Caithfidh daoine a bheith cláraithe le Facebook chun a bheith ábalta an aip a úsáid.

Go dtí an 28 Deireadh Fómhair, 2017, ní féidir le daoine pictiúirí a chur suas.

Dúirt Edmond go bhfuil na ceantair go léir aontaithe, go dtí go mbeadh níos mó úsáideoirí ag an aip, sin nuair a éiríonn an seomra ró-ghnóthach.

Leis an nuashonrú is déanaí, bíonn topaic nua ann de réir na seachtaine le plé chun daoine a mhealladh ag caint.

Úsáideoirí

cuir in eagar

Tá níos mó ná 375 úsáideoirí ar an aip.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar