Liú Lúnasa

féile imill cheoil agus ealaíne


Féile imill is ea Liú Lúnasa a dhéanann ceiliúradh ar ógchultúr na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste agus atá i ndiaidh cur le saol na Gaeilge fud fad na hÉireann. Bíonn sé ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is é 2024 an deichiú bliain a cuireadh ar siúl é.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLiú Lúnasa
Cineálféile cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2015 - 
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraslamfhilíocht, ceol hip hap, rac-cheol agus ceol leictreonach Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Facebook: liulunasa Instagram: liulunasa Cuir in eagar ar Wikidata

Slam Filíochta

cuir in eagar

Ceann de bhuaicphointí na féile is ea an Slam Filíochta, mar a théann lucht na bhfocal "in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint".[2][3] Cloistear leithéidí Ciara Ní É agus Séamus Barra ag reic a gcuid dánta agus is féidir le duine ar bith dul san iomaíocht.

Ceolchoirm

cuir in eagar

I mbliana siad a bheas ag ceol ag ceolchoirm na féile ná "Huartan, a chuireann casadh spleodrach nua-aimseartha sa cheol Ghaelach; rac-cheol bríomhar, fuinniúil Grooveline; indie-rac dúchasach Na Shanvans agus Torby, an rapálaí dána, misniúil."[4]

Fuair Liú Lúnasa ainmniúchán mar Fhéile na Bliana ag Gradaim NÓS gach bliain dar bronnadh an gradam sin.

Gig de chuid Dysania ag an bhféile seo a fuair ainmniúchán mar Gig Bheo na Bliana ag na Gradaim sa bhliain ar cuireadh tús le Liú Lúnasa.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Edel Ní Churraoin. "Focal ón Stiúrthóir". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024. lch 2
  2. "❗4 LÁ LE D'IARRATAS A CHUR ISTEACH AR AN SLAM FILÍOCHTA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  3. "Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa". NÓS (2024-08-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  4. "Ceolchoirm Cheiliúrtha Liú Lúnasa @10". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024. lch 34