Leitir Fraic

Sráidbhaile i gContae na Gaillimhe

Sráidbhaile i gContae na Gaillimhe is ea Leitir Fraic[1] (Letterfrack as Béarla). Tá sé suite i gConamara 15 km slí thoir thuaidh ón gClochán, in aice le bá Bhearna Dhearg agus cuan Bhaile na Cille. Tá ionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chonamara suite anseo, chomh maith le Letterfrack Furniture College agus ceanncheathrú Connemara Community Radio.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeitir Fraic

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°33′13″N 9°56′54″W / 53.553595°N 9.948366°W / 53.553595; -9.948366
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde81 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413597

Sanasaíocht

cuir in eagar

Ní léir céard is brí leis an bhfocal fraic, b'fhéidir fraig (bean) nó fraoch.

Cumann na gCarad

cuir in eagar

Chuir James agus Mary Ellis, lánúin a bhí ina mbaill de Chumann na gCarad, na Quakers, fúthu i Leitir Fraic sa bhliain 1849. Bhí James Ellis tar éis éirí as a phost mar fhear gnó in Bradford i dtuaisceart Shasana in aois 56 bliain dó. Cheannaigh sé eastát mór i gceantar Leitir Fraic. Bhí an Drochshaol faoi lán seoil um an dtaca sin. D'fhostaigh Ellis 80 fear, bhunaigh sráidbhaile agus rinne iarracht an ceantar a chur in oiriúint don fheirmeoireacht.

Nuair a theip ar shláinte James Ellis sa bhliain 1857, d'fhill sé ar Yorkshire, agus cheannaigh John Hall a eastát. Scríobh Mary Ellis go raibh "feeling of the much we have left undone, and the darkness which exists there, where nature looks so fair" ag cur isteach uirthi.

 
Osclaíodh scoil saothair Naomh Íosaf[2] sa bhliain 1887. Dúnadh an t-ionad míchlúiteach in 1973/74

Scoil saothair

cuir in eagar

Osclaíodh scoil saothair Naomh Íosaf[2] sa bhliain 1887. Dúirt an file Richard Murphy faoi na daltaí:

Podded in varnished pews, stunted in beds
Of cruciform iron, they bruise with sad, hurt shame:
Orphans with felons, bastards at loggerheads
With waifs, branded for life by a bad name.

Bhíodh drochíde ar siúl sa scoil.[3] Dúnadh an t-ionad míchlúiteach sa bhliain 1973/74.

Tá Letterfrack Furniture College, cuid de GMIT, bunaithe ar an suíomh anois, chomh maith le Connemara Community Radio.

Roghnaigh Marconi Leitir Fraic do stáisiún raidió trasatlantach. Ó 1913 go 1922, théadh teachtaireachtaí óna Marconi Towers i Nova Scotia go Leitir Fraic, agus ón gClochán go Louisburg i Nova Scotia. Aistríodh an tseirbhís go Tywyn na Breataine Bige nuair a scriosadh stáisiun an Chlocháin sa bhliain 1922 mar thoradh ar an gCogadh Cathartha.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Leitir Fraic/Letterfrack | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 "St Joseph's Industrial School, Letterfrack" (as en) (2024-03-19). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 Uinsionn Mac Dubhghaill (Nollaig 2003). "Blianta an uafáis i Leitir Fraic" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-05-11.