Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín (Lá 'le Vailintín a thugtar air mar ghiorrúchán uaireanta) a cheiliúrtar ar an 14 Feabhra. Féile í a bhaineann le cúrsaí grá agus ceana idir compánaigh atá dlúth lena chéile.[1][2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Fhéile Vailintín
Íomhá
Cineállá saoire Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh Vailintín Cuir in eagar ar Wikidata
14 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata


Gelasius I, An Róimh

Lá é ar a dtaispeánann lánúin a ngrá dá chéile trí bhláthanna agus milseogra a thabhairt dá chéile, agus 'cártaí vailintín' a sheoladh dá chéile.

Chaucer le Thomas Hoccleve sa Regiment of Princes (1412).

I measc na siombail atá ann sa lá atá inniu ann a bhaineann leis an lá seo, áirítear; imlíne an chroí, atá dearg nó bándearg go mion-minic, coilm, agus fíor Chúipid na sciathán.

Tá bunús na féile faoi fholach diamhair. Ainmnítear an fhéile, b'fhéidir, i gcuimhne ar dhuine de mhairtírigh na Críostaíochta is luaithe, a raibh Vailintín mar ainm air. naomh Vailintín níos déanaí.[1] De réir an tseanchais, bhunaigh an Pápa Gelasius I an fhéile sa bhliain AD 496, agus chun Lupercalia, Féile Rómhánach an íonghlanta, a chur faoi chois.[4]

Cáca

Thosaigh baint a bheith ag an bhféile le cúrsaí an ghrá rómánsúil i measc chairde Geoffrey Chaucer, an file mór le rá, i rith na hard-mheánaoise, í.e, nuair a bhláthaigh an grá cúirtéiseach.[5] Sa bhliain 1383, chríochnaigh Chaucer dán grá agus is cosúil gurb é sin an chéad dán faoi Lá Fhéile Vailintín riamh.[6]

Ón 19ú céad i leith tá an lámh in uachtar faighte ag cártaí beannachta olltáirgthe ar na cártaí vailintín lámhdhéanta is lámhscríofa.[7]

Thug an Pápa Gregóir XVI (1831-1846) coirp Vailintín don Ath. John Spratt, a thóg Séipéil na gCarmailíteach ar Sráid na mBrathar Bán i mBaile Átha Cliath. Tá altóir ina onóir anois ann, le dealbh den naomh agus a thaise faoi.[8]

Caitheann daoine a lán airgid ar Lá Fhéile Vailintín gach bliain. Mar shampla, sa bhliain 2017, chaith daoine €18 billiúin sna Stáit Aontaithe ar bhronntanais, ar bhláthanna agus ar chártaí.[9]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Glór na nGael (2017). "Stair na Féile". Dáta rochtana: 2022.
  2. The History of Valentine's Day – History.com, A&E Television Networks. Faighte ar an 2 Feabhra, 2010
  3. HowStuffWorks "How Valentine's Day works" – HowStuffWorks. Faighte ar an 2 Feabhra, 2010
  4. William M. Green (1931). "The Lupercalia in the Fifth Century — CP 26:60‑69 (1931)". penelope.uchicago.edu. Dáta rochtana: 2022-02-14.
  5. Scríobh Chaucer, i 'Parlement of Foules'1382: "For this was on seynt Volantynys day Whan euery bryd comyth there to chese his make." Cf. michelinewalker.com agus ORUCH, Jack B. "St. Valentine, Chaucer, and Spring in February." Speculum 56 (1981):534-65.
  6. maynoothuniversity.ie (7 Feabhra 2023). "ELeathanach 430". Dáta rochtana: Feabhra 2023.
  7. Léigh Eric Schmidt, "The Fashioning of a Modern Holiday: St. Valentine's Day, 1840-1870" Winterthur Portfolio 28.4 (Geimhreadh 1993), pp. 209-245
  8. "The Shrine of St Valentine in the Church of Our Lady of Mount Carmel, Whitefriar Street". www.carmelites.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-12. Dáta rochtana: 2020-02-14.
  9. "5 facts about Valentine's Day that will surprise you" (en). www.vevox.com. Dáta rochtana: 2023-02-04.