Is lá saoire cultúrtha Éireannach é Lá 'le Síle / Lá Fhéile Síle, a gceiliúrtar ar an 18ú Márta,an lá tar éis Lá Fhéile Pádraig. Cé nach ndéantar an saoire a cheiliúradh go forleathan in Éirinn a thuilleadh, tá féilte gaolmhara fós á gceiliúradh ag dhiaspóra na hÉireann san Astráil agus i gCeanada.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá 'le Síle
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Lá Fhéile Síle Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállá saoire Cuir in eagar ar Wikidata
18 Márta Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire agus Talamh an Éisc agus Labradar Cuir in eagar ar Wikidata
Lá 'le Síle / Lá Fhéile Síle
Caitear seamróga ar Lá 'le Pádraig agus Lá 'le Síle
Ainm Oifigiúil Lá Fhéile Síle / Lá 'le Síle
Ainm i mBéarla Sheelagh's Day / Síle's Day
Comórtha ag
  • Éireannaigh Síolraigh de chuid na nÉireannach Folk Catholicism Críostíocht an phubail tuaithe
Cineál Féile Eitneach, Cultúrtha
Suntas Lá féile ag comóradh bean chéile líomhnaithe Phádraig
Gnásanna
  • caitear seamróga
  • caitear baill éide glasa
  • óltar beoir Éireannach
  • óltar fuisce Éireannach
Dáta 18ú Márta
Chugainn 18ú Márta 2024
Minice Bliantiúl
Bainteach le St. Patrick's Day

Go traidisiúnta, ceiliúradh Lá Fhéile Síle (Lá 'le Síle) an lá tar éis Lá 'le Pádraig. De réir bhéaloideas agus mhiotaseolaíocht na hÉireann, bhí Síle (sean-G. Sighile) ina bean chéile nó ina máthair ag Naomh Pádraig, agus cruthaíodh an lá saoire mar chomóradh ar a saol.

Murar máthair altrama Pádraig a bhí i gceist is dócha gur a bhean céile a bhí i Síle mar go nglactar leis gur Conchesa ainm bhean chéile Calpornius a bhí ina athair ar Naomh Pádraig.

Luann irisleabhair agus nuachtáin ársa na hÉireann ón t-ochtú agus ón naoú haois déag go raibh bean chéile ag Pádraig. Rinne Freeman's Journal tagairt do Lá 'le Síle (Sheelah's Day) i 1785, 1811, agus 1841. Thaifead preas na hAstráile ón naoú haois déag urramú Lá 'le Síle, lena n-áiríteargo leor alcóil á n-ól. Ní dhéantar Lá 'le Síle a cheiliúradh go hoifigiúil in Éirinn a thuilleadh, ach tá sé fós á cheiliúradh i dTalamh an Éisc, Ceanada tar éis d’inimircigh as Éire teacht isteach go déanach sa seachtú haois déag.

I dTalamh an Éisc d’fhéadfadh an saoire a bheith ceangailte freisin le finscéal na banphrionsa Éireannach Síle Ní Ghadhra (Béarla: Sheila NaGeira.[1]

Molann roinnt scoláirí nasc idir an saoire agus Síle na gCíoch, na deilbh a fhaightear san ailtireacht mheánaoiseach ar fud na hÉireann, oileán na Breataine agus mór-roinn na hEorpa.

Féach freisin

cuir in eagar