Kris Kristofferson

amhránaí agus aisteoir Meiriceánach

Amhránaí agus aisteoir ab ea Kris Kristofferson (a rugadh ar an 22 Meitheamh 1936, i mBrownsville, Texas, agus a d'éag ar an 28 Meán Fómhair 2024 i Haváí).

Infotaula de personaKris Kristofferson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Kristoffer Kristofferson Cuir in eagar ar Wikidata
22 Meitheamh 1936
Brownsville, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 2024
88 bliana d'aois
Hana, Hawaii Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Merton, Oxford - Bachelor of Philosophy (en) Aistrigh
Ardscoil San Mateo
Coláiste Pomona - Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Oxford - Máistir Ealaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMalibu
Hana
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir scannáin, giotáraí, ealaíontóir taifeadta, aisteoir gutha, cumadóir, amhránaí is scríbhneoir, amhránaí, saighdiúir (–1965) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –  2021
Ball de
SeánraCeol tuaithe, contemporary folk music (en) Aistrigh agus rac-cheol
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár, pianó, armónach agus ceol gutha
Lipéad ceoilMonument Records
Warner Music Group
Mercury Records
Columbia Records
Warner Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileRita Coolidge (1973–1980) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Kristofferson  agus Mary Ann Ashbrook
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

Suíomh gréasáinkriskristofferson.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001434 Allocine: 6273 Rottentomatoes: celebrity/kris_kristofferson Allmovie: an4314 TCM: 105678%7C0 Metacritic: person/kris-kristofferson TV.com: people/kris-kristofferson IBDB: 413240 AFI: 214175
Facebook: Kris-Kristofferson-328205563860628 Bandcamp: kriskristofferson Souncloud: kris-kristofferson-official Spotify: 0vYQRW5LIDeYQOccTviQNX iTunes: 251114 Last fm: Kris+Kristofferson Musicbrainz: cb1ca13a-4821-4e66-aff0-0fd6b3dc9a81 Songkick: 290708 Discogs: 303575 Allmusic: mn0000774588 Deezer: 69521 Cuir in eagar ar Wikidata
1978
Kris Kristofferson, Féile South by Southwest Festival 2006.
A Star Is Born (1976)

In Brownsville, Texas, in 1936 a saolaíodh Kris Kristofferson ach bhog sé ó áit go háit nuair a bhí sé ina leanbh mar gur saighdiúir in Arm Mheiriceá ab ea a athair.[1]

Ba polymath nó ileolaí a bhí in Kris. Múinteoir, scríbhneoir, píolóta heileacaptar le gradam, scoláire Rhodes ag Oxford, sular thosaigh a ghairm sa gceol, fiú.[2]

Ba ghníomhaí é chomh maith – bhí sé páirteach i bhfeachtas i gcoinne Ronald Reagan agus Poblachtánaigh eile.

Fear mór ban a bhí ann. In 1961, phós Kristofferson Frances "Fran" Mavia Beer. Chuaigh sé amach leis an amhránaí Janis Joplin, 1969-1970. Phós sé an t-amhránaí Rita Coolidge in 1973. Ansin phós sé Lisa Meyers in 1983. Bhí ochtar clainne air.

Bhásaigh Kristofferson ina theach cónaithe i Haváí ar an 28 Meán Fómhair 2024. Bhí sé 88 bliain d'aois. Maireann a thríú bean chéile agus a ochtar clainne.

Amhránaíocht

cuir in eagar

D'eisigh Kristofferson a chéad cheirnín singil Golden Idol i 1967 agus a chéad albam Kristofferson i 1970.

Cé gur mhinice ag canadh ar cheirnín agus ar an stáitse ina aonar, chan sé freisin in éindí le hamhránaithe eile, The Highwaymen ina measc – scothghrúpa a raibh Johnny Cash, Waylon Jennings agus Willie Nelson páirteach ann chomh maith. Scríobh sé cuid mhaith amhrán freisin, dó féin agus d'amhránaithe eile araon.[1]

Bhí scéalta sna hamhráin go minic:[2]

  • B’í Bobby de chuid "Me and Bobby McGee" rúnaí leis an gceannaire Monument, Fred Foster – mheas Kris go raibh ceol san ainm agus roinn sé an chreidiúint scríbhneoireachta léi mar ionspráid – Kristofferson/Foster atá ar an lipéid fós.
  • "To Beat the Devil" – amhrán scríofa fé Johnny Cash – a chuimhnigh ar am nuair a bhí Cash ina "a great and wasted friend of mine" ach a canadh nuair ná raibh Cash 'wasted’ a thuilleadh.

Tháinig an t-albam deiridh uaidh The Cedar Creek Sessions in 2016.

Aisteoireacht

cuir in eagar

Bhí ceann den dá phríomhpháirt ag Kris Kristofferson sa scannán A Star is Born in éindí le Barbra Streisand i 1976 agus bhí sé i scannáin leis na stiúrthóirí Sam Peckinpah agus Martin Scorsese freisin. Bhí an phríomhpháirt aige chomh maith sa scannán fíorchostasach Heaven's Gate leis an stiúrthóir Michael Cimino.[1]

Bhuaigh sé an gradam Aisteoir is Fearr i gCoiméide nó Ceoldráma sna gradaim Golden Globe i 1977.

In Éirinn

cuir in eagar

Bhí an-tóir ar cheol Kristofferson in Éirinn agus is iomaí cuairt a thug sé ar an tír seo i gcaitheamh a shaoil.[1][3]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2024-09-30). "Amhránaí, aisteoir mór le rá Kris Kristofferson tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Brian Lally / RTÉ (2024-09-30). "Kris Kristofferson ar shlí na fírinne" (as ga-IE). 
  3. Kris Kristofferson ar an Late Late Show le Gay Byrne, 1993 (interview, Ireland) (2024-09-30). "Kris Kristofferson interview, Ireland 1993".